• Welcome to Family Research 2016

    2016 Family History home2016 Family History is a new, free Irish genealogy education website, brought to you by the National Archives and IrishGenealogy.ie. The site is aimed primarily at secondary school students, but can be used by anyone with Irish ancestors to learn how to use the multiplicity of online sources now available for family history.

  • Comhghairdeas á dhéanamh ag an Aire Humphreys le foireann www.irishgenealogy.ie as an duais a bronnadh orthu ag Gradaim Ríomhsheirbhísí an Rialtais as Cur Chun Cinn na hÉireann Thar Lear

    An tAire Simon Harris TD, Tadhg O’Shea, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus GaeltachtaTá comhghairdeas déanta ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, leis an bhfoireann ina Roinn a dhéanann maoirsiú ar an suíomh gréasáin ginealais www.irishgenealogy.ie tar éis dóibh an Duais a bhuachan as Cur Chun Cinn na hÉireann Thar Lear ag Gradaim Ríomhsheirbhísí an Rialtais.

  • Fógra maidir le ríomhphoist fhioscaireachta

    Phishing warningTá sé tugtha faoi deara ag www.irishgenealogy.ie le cúpla lá anuas go bhfuil ríomhphost fioscaireachta á scaipeadh atá in ainm a bheith ag teacht ón suíomh gréasáin sin. Is é atá i líne an ábhair sa ríomhphost ná "Subscription For Research Service (Payment confirmed)".

    Is ionann é sin agus ríomhphost fioscaireachta agus ba chóir é a bhacadh/a scrios má fhaightear é. Ná tabhair freagra ar an ríomhphost agus ná hoscail aon naisc atá ceangailte leis. Ní suíomh gréasáin síntiúis é www.irishgenealogy.ie agus ní gá d’úsáideoirí clárú lena úsáid.

    Go raibh maith agat.

  • Seolann an tAire Humphreys tacar ginealais ar líne do scoileanna chun cuidiú le daltaí stair a dteaghlaigh a aimsiú

    Seolann an tAire Humphreys tacar ginealais ar líne do scoileanna chun cuidiú le daltaí stair a dteaghlaigh a aimsiú Tá an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., ag seoladh tacar nua ginealais ar líne do scoileanna inniu agus é mar aidhm leis daltaí a spreagadh chun a bhfréamhacha a scrúdú agus breathnú ar a gcrann ginealaigh.

    Tá an suíomh gréasáin ‘2016 Family History’ cruthaithe ag an gCartlann Náisiúnta mar thionscadal iarmhartach de chuid Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. Chas an tAire Humphreys le daltaí as Coláiste Mhucrois, Domhnach Broc, a bhí ag baint triail as an suíomh gréasáin, chun an acmhainn nua ar líne seo a sheoladh.

  • Taifid Shibhialta Stairiúla le feiceáil anois ar www.irishgenealogy.ie:

    historic civil recordsInniu, sheol Heather Humphreys T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Leo Varadkar T.D., an tAire Coimirce Sóisialaí, na taifid stairiúla de Bhreitheanna os cionn 100 bliain ó shin, Póstaí os cionn 75 bliain ó shin agus Básanna os cionn leathchéad bliain ó shin ón bPríomh-Oifig Clárúcháin.

    Tá tuilleadh sonraí ar na taifid atá ar fáil anois anseo.

  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5

Grúpaí Díospóireachta, Blaganna & Liostaí Seoltaí

 

Tíreolaíocht

CÉARD IAD NA TAIFID AR LÍNE A CHUIDÍONN LE LOGAINMNEACHA NA hÉIREANN A SHAINAITHINT?
Tá tras-scríbhinní bunachar sonraí den Innéacs Baile Fearainn 1851 le fáil ag:
www.irishtimes.com/ancestor
www.thecore.com/seanruad
www.irish-place-names.com

I measc láithreán úsáideach eile tá siad seo a leanas:
www.logainm.ie, a bhaineann go príomha le leaganacha bunaidh Gaeilge na logainmneacha, ach le cuid mhór léarscáileanna stairiúla san áireamh freisin
maps.osi.ie, láithreán gréasáin Suirbhéireacht Ordanáis Éireann, ina bhfuil cóipeanna saor in aisce inchuardaithe go hiomlán de shuirbhéanna 19ú céad na hÉireann sé orlach agus 25 orlach in aghaidh an mhíle.


 

Na hÉireannaigh Thar Lear

CÉARD IAD NA TAIFID THAR LEAR ATÁ AR LÍNE A BHAINEANN LEIS NA hÉIREANNAIGH?

D’fhéadfadh taifid na nÉireannach thar lear, go háirithe taifid na n-imirceach den chéad ghlúin, níos mó sonraí a thaifeadadh in amanna ná mar atá sna taifid a mhaireann in Éirinn. Is iad seo a leanas na cinn is tábhachtaí ina measc:
1. Taifid bhásanna na hAstráile. Déanann siad sin ainmneacha agus seoltaí beirt thuismitheoirí an mharbháin a thaifeadadh. Maidir le cuid mhór imirceach Éireannach, d’fhéadfadh sé sin a bheith mar an t-aon áit amháin ina bhfuil a leithéid sin d’fhaisnéis taifeadta. Chuir stáit éagsúla tús le clárúchán i mblianta éagsúla. Tá achoimre mhaith le fáil ag www.coraweb.com.au.
2. Taifid bhásanna na hAlban. Tosaíonn na taifid seo i 1855 agus déanann ainmneacha agus seoltaí iomlána céilí agus beirt thuismitheoirí a thaifeadadh. Rinneadh líon ollmhór d’eisimircigh Éireannacha a thaifeadadh. Rinneadh póstaí agus breitheanna a thaifeadadh freisin ó 1855 amach. Féach www.scotlandspeople.gov.uk.
3. Taifid phósta S.A.M. Cuireadh tús leo siúd i mbliain éagsúil i ngach stát agus tá éagsúlacht d’fhaisnéis a bailíodh ann, ach d’fhéadfadh sé a bheith an-úsáideach. Mar shampla, déanann taifid phósta Massachusetts (www.familysearch.org), ainmneacha máthair agus athair an bheirt pháirtithe a thaifeadadh.
4. Tosaíonn taifid Phríomh-Oifig Chlárúcháin Shasana agus na Breataine Bige i 1837. Níl na cláir seo ar líne, ach tá beagnach gach ceann de na hinnéacsanna inchuardaithe go héasca ag www.freebmd.org.uk.

Taifid Mhíleata agus Phóilíní

CÉARD IAD NA TAIFID MHÍLEATA AGUS PHÓILÍNÍ ATÁ AR LÍNE?

1. Arm na hÉireann. Tá ‘daonáireamh’ 1922 d’arm an tSaorstáit nua inchuardaithe ar láithreán Chartlann Mhíleata na hÉireann, www.militaryarchives.ie.
2. Arm na Breataine: Tá na taifid bhunaidh go léir i gCartlann Náisiúnta na Breataine i Londain (www.nationalarchives.gov.uk). Tá a dtaifid Chárta Boinn an-úsáideach i dtaca le fir sheirbhíse ón gCéad Chogadh Domhanda. Tá taifid seirbhíse a mhaireann den Chéad Chogadh Domhanda tras-scríofa ag www.ancestry.co.uk. Tá taifid seirbhíse agus pinsin roimh 1914 le fáil agwww.findmypast.co.uk

3.Tá tionscadal deonach freisin chún liosta a deanamh ar gach duine as Éireann a glach pairt sa Cead Cogadh Domhanda 1914-1918 ag www.worldwar1veterans.com agus is féidir leat cuardach a dhéanamh freisin ar Taifid Cuimhneacháin hÉireann do Cogadh Domhanda 1 ag http://imr.inflandersfields.be/search.html
4. Constáblacht Ríoga na hÉireann: tá páirtinnéacs le cóip mhicreascannáin LDS an chláir bhunaidh CRÉ le fáil ag www.ancestry.co.uk.

 

Fáilte ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Tá lúcháir orm fáilte a chur romhat chuig irishgenealogy.ie, an suíomh gréasáin atá tiomnaithe chun cabhrú leat taifid stair do theaghlaigh a chuardach do na glúine a chuaigh romhat. Ar an suíomh anois tá taifid stairiúla Breitheanna, Póstaí agus Básanna na Príomh-Oifige Clárúcháin ar fáil. Tá na taifid sin á gcur leis na hInnéacsanna a ghabhann le taifid stairiúla Breitheanna, Póstaí agus Básanna, a bhí ar fáil cheana ar an suíomh.