• Welcome to Family Research 2016

    2016 Family History home2016 Family History is a new, free Irish genealogy education website, brought to you by the National Archives and IrishGenealogy.ie. The site is aimed primarily at secondary school students, but can be used by anyone with Irish ancestors to learn how to use the multiplicity of online sources now available for family history.

  • Comhghairdeas á dhéanamh ag an Aire Humphreys le foireann www.irishgenealogy.ie as an duais a bronnadh orthu ag Gradaim Ríomhsheirbhísí an Rialtais as Cur Chun Cinn na hÉireann Thar Lear

    An tAire Simon Harris TD, Tadhg O’Shea, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus GaeltachtaTá comhghairdeas déanta ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, leis an bhfoireann ina Roinn a dhéanann maoirsiú ar an suíomh gréasáin ginealais www.irishgenealogy.ie tar éis dóibh an Duais a bhuachan as Cur Chun Cinn na hÉireann Thar Lear ag Gradaim Ríomhsheirbhísí an Rialtais.

  • Fógra maidir le ríomhphoist fhioscaireachta

    Phishing warningTá sé tugtha faoi deara ag www.irishgenealogy.ie le cúpla lá anuas go bhfuil ríomhphost fioscaireachta á scaipeadh atá in ainm a bheith ag teacht ón suíomh gréasáin sin. Is é atá i líne an ábhair sa ríomhphost ná "Subscription For Research Service (Payment confirmed)".

    Is ionann é sin agus ríomhphost fioscaireachta agus ba chóir é a bhacadh/a scrios má fhaightear é. Ná tabhair freagra ar an ríomhphost agus ná hoscail aon naisc atá ceangailte leis. Ní suíomh gréasáin síntiúis é www.irishgenealogy.ie agus ní gá d’úsáideoirí clárú lena úsáid.

    Go raibh maith agat.

  • Seolann an tAire Humphreys tacar ginealais ar líne do scoileanna chun cuidiú le daltaí stair a dteaghlaigh a aimsiú

    Seolann an tAire Humphreys tacar ginealais ar líne do scoileanna chun cuidiú le daltaí stair a dteaghlaigh a aimsiú Tá an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., ag seoladh tacar nua ginealais ar líne do scoileanna inniu agus é mar aidhm leis daltaí a spreagadh chun a bhfréamhacha a scrúdú agus breathnú ar a gcrann ginealaigh.

    Tá an suíomh gréasáin ‘2016 Family History’ cruthaithe ag an gCartlann Náisiúnta mar thionscadal iarmhartach de chuid Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. Chas an tAire Humphreys le daltaí as Coláiste Mhucrois, Domhnach Broc, a bhí ag baint triail as an suíomh gréasáin, chun an acmhainn nua ar líne seo a sheoladh.

  • Taifid Shibhialta Stairiúla le feiceáil anois ar www.irishgenealogy.ie:

    historic civil recordsInniu, sheol Heather Humphreys T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Leo Varadkar T.D., an tAire Coimirce Sóisialaí, na taifid stairiúla de Bhreitheanna os cionn 100 bliain ó shin, Póstaí os cionn 75 bliain ó shin agus Básanna os cionn leathchéad bliain ó shin ón bPríomh-Oifig Clárúcháin.

    Tá tuilleadh sonraí ar na taifid atá ar fáil anois anseo.

  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5

Céard iad na bliana a chumhdaíonn na taifid stairiúla ar Bhreitheanna, Póstaí agus Básanna

Is iad na blianta a chumhdaíonn na taifid stairiúla ar Bhreitheanna, Póstaí agus Básanna:

Breitheanna: 1864 go 1922

Póstaí: 1845 go 1947

Básanna: 1871* go 1972

*Tá an Phríomh-Oifig Clárúcháin ag obair faoi láthair ar thuilleadh taifead Básanna siar chomh fada le 1864 a thabhairt chun dáta. Cuirfear iad sin san áireamh in uasdátú a dhéanfar ar na taifid a bheidh ar fáil ar an suíomh gréasáin amach anseo.

Fógra maidir le hatheagrú féideartha Taifid Bhreithe Stairiúla

Tá íomhánna stairiúla de thaifid breithe atá níos mó ná 100 bliain d’aois á gcur ar fáil ar www.irishgenealogy.ie.

Má tá tú os cionn 100 bliain d’aois agus mura mian leat go mbeadh íomhá de thaifead do bhreithe ar fáil ar líne, seol iarratas i scríbhinn chuig an Roinn ag iarraidh go leasófaí na taifid ar www.irishgenealogy.ie.

Ba chóir an t-iarratas i scríbhinn, ina leagfar amach an t-ainm, dáta breithe, ceantar clárúcháin agus na sonraí teagmhála, a sheoladh chuig:

Na hEalaíona, Scannán agus Infheistíocht
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Oifigí an Rialtais, An Bóthar Nua
Cill Airne, Co. Chiarraí

nó trí ríomhphost chuig This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it..

Tabhair faoi deara go bhféadfadh an Roinn tuilleadh eolais a lorg leis an iarratas a fhíorú.

Fógra maidir le hatheagrú féideartha íomhánna Stairiúla de phóstaí atá níos mó ná 75 bliain d’aois

Tá íomhánna stairiúla de phóstaí os cionn 75 bliana d’aois curtha ar fáil ar www.irishgenealogy.ie.

Mura mian leat go mbeadh íomhá de thaifead do phósta atá os cionn 75 bliana d’aois ar fáil ar líne, seol iarratas i scríbhinn chuig an Roinn ag iarraidh go leasófaí na taifid ar www.irishgenealogy.ie.

Ba chóir an t-iarratas i scríbhinn, ina leagfar amach an t-ainm, dáta an phósta, an ceantar clárúcháin agus na sonraí teagmhála, a sheoladh chuig:

Na hEalaíona, Scannán agus Infheistíocht
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Oifigí an Rialtais, An Bóthar Nua
Cill Airne, Co. Chiarraí

nó trí ríomhphost chuig This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it..

Tabhair faoi deara go bhféadfadh an Roinn tuilleadh eolais a lorg leis an iarratas a fhíorú.

Fógra maidir le taifid chealaithe

Tá íomhánna stairiúla de thaifid breithe, báis agus pósta á gcur ar fáil ar www.irishgenealogy.ie.
I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh go mbeadh íomhánna a cuireadh ar ceal go fóill le feiceáil.

Má tá do shonraí in iontráil chealaithe agus mura mian leat to gcuirfí an íomhá chealaithe ar fáil ar líne, seol iarratas i scríbhinn chuig an Roinn, ag iarraidh go leasófaí na taifid ar www.irishgenealogy.ie.

Ba chóir an t-iarratas i scríbhinn, ina leagtar amach sonraí na hiontrála cealaithe, a sheoladh chuig:

Na hEalaíona, Scannán agus Infheistíocht
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Oifigí an Rialtais, An Bóthar Nua
Cill Airne, Co. Chiarraí

nó trí ríomhphost chuig This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it..

Can you explain the location to me

The Civil Registers are compiled in local registration districts/offices. Attached is a link to the Irish Times/Irish Ancestors website with a map of the historical registrations districts as a guide:
https://www.johngrenham.com/places/plu_index.php

Please note that within the districts you also had local registration offices which are reflected in the earlier returns shown. In all instances these covered a certain locality and do not denote the specific place of Birth, Marriage or Death. That information can be found on the full certificate or copy of the register entry.

Ba mhaith liom cóip a fháil de dheimhniú, cad is féidir liom a dhéanamh?

Reáchtálann Oifig an Ard-Chláraitheora saoráid taighde freisin ar Shráid San Werburgh, BÁC 2, inar féidir leis an bpobal, agus iad i mbun taighde teaghlaigh, na hinnéacsanna a ghabhann leis na cláir atá ag Oifig an Ard-Chláraitheora a chuardach agus fótachóipeanna d'iontrálacha sna cláir a cheannach. Féach an leathanach Taighde.

Oibríonn an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta an suíomh gréasáin oifigiúil www.certificates.ie freisin d'éinne ar mian leo teastas breithe, marbh-bhreithe, uchtaithe, pósta, páirtnéireachta sibhialta nó báis a cheannach ar líne.

Nó is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil agus í a sheoladh sa phost. Cliceáil anseo le haghaidh nasc chuig an leathanach Iarratais ar Theastais.

Fáilte ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Tá lúcháir orm fáilte a chur romhat chuig irishgenealogy.ie, an suíomh gréasáin atá tiomnaithe chun cabhrú leat taifid stair do theaghlaigh a chuardach do na glúine a chuaigh romhat. Ar an suíomh anois tá taifid stairiúla Breitheanna, Póstaí agus Básanna na Príomh-Oifige Clárúcháin ar fáil. Tá na taifid sin á gcur leis na hInnéacsanna a ghabhann le taifid stairiúla Breitheanna, Póstaí agus Básanna, a bhí ar fáil cheana ar an suíomh.