Cuardach Simplí: Cast The Net Wide

Is í aidhm an phríomhleathanaigh chuardaigh (http://churchrecords.irishgenealogy.ie/) pointe simplí iontrála a sholáthar. Ná cuir barraíocht eolais isteach. Is leor céadainm agus sloinne de ghnáth. Déan na torthaí a fhiosrú ina dhiaidh sin. Trí na naisc nascleanúna sa cholún ar chlé a úsáid, féadfaidh tú na torthaí seo a chúngú de réir sainchreidimh, imeachta agus deich mbliana. Ag bun an cholúin ar chlé, féadfaidh tú ainmneacha breise a chur isteach chun an cuardach a chúngú tuilleadh.

Ba chóir duit a bheith ar an eolas go dtugann an cuardach, trí réamhshocrú, gach taifead ina bhfuil an dá ainm pearsanta. Is é sin le rá, má chuireann tú "John Murphy" isteach, gheobhaidh tú gach taifead ina bhfuil "John" agus "Murphy" le fáil (nó a n-athróga) i réimse ainmneacha ar bith. Mar sin, mar shampla, más John ainm an athar agus más Murphy sloinne caras Críost, tiocfaidh an cuardach sin ar ais trí chuardach le haghaidh John Murphy. Féadfaidh tú na torthaí a shocrú de réir ábharthachta chun na meaitseálacha is cruinne a thaispeáint ar dtús. Féadfaidh tú na torthaí a shocrú freisin in ord simplí croineolaíoch.

Tá an cheacht iomlán simplí: caith d’eangach chomh leathan agus is féidir ar dtús, agus ina dhiaidh sin déan do chuid torthaí a chúngú go córasach.