Taifid Eaglaise

Taifid Eaglaise

Sular cuireadh tús leis an gclárúchán sibhialta do chách sa bhliain 1864, is iondúil nach bhfaightear aon taifid dhíreacha ar imeachtaí teaghlaigh ach i dtaifid eaglaise áitiúla, agus dá bhrí sin, is iad na haon fhoinsí díreacha atá againn ó thaobh stair theaghlaigh de. Ní féidir dul níos faide siar ná dáta tosaigh na gclár áitiúil i bhformhór na gcásanna dá bharr sin.

Séipéal an tSlánaitheora agus Clog Cuimhneacháin Tait i Luimneach

Grianghraf: Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Deoisí agus paróistí, idir Anglacánach agus Chaitliceach Rómhánach

Nuair a tugadh an Reifirméisean isteach in Éirinn sa 16ú haois, thosaigh struchtúir pharóiste na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí agus Eaglais na hÉireann ag scaradh óna chéile. Bunaíodh Eaglais na hÉireann mar an Eaglais Stáit, choinnigh sí na seanpharóistí meánaoiseacha, agus d’éirigh sí ina heite den rialtas i ndáiríre.

Ar an taobh eile den scéal, ámh, rinneadh an Eaglais Chaitliceach Rómhánach a lagú nuair a gabhadh seilbh ar a cuid sócmhainní agus nuair a cuireadh sriantaí ar shagairt dá cuid. Bhí ar an Eaglais paróistí ní ba mhó, nach raibh chomh háisiúil sin, a chruthú dá bharr sin. Ar deireadh thiar, chuir an lagú seo ar chumas na hEaglaise a bheith ní ba sholúbtha. Bhí paróistí Caitliceacha Rómhánacha in ann freastal ar lárionaid daonra ar bhealach i bhfad ní ba thapa, agus sa 19ú haois tharla sé go raibh siad in ann plé a dhéanamh leis na hathruithe a tháinig ar an daonra.

Tá na difríochtaí idir struchtúir an dá eaglais léirithe ina gcuid taifead anois. Fiú nuair a chuirtear san áireamh go raibh baill Eaglais na hÉireann ina mionlach den daonra iomlán riamh, níl an oiread sin taifead ag gach paróiste i gcomparáid le paróistí Caitliceacha Rómhánacha, de bharr nach gclúdaíonn siad ach ceantar níos lú, agus bíonn sé níos éasca iad a chuardach go mion mar thoradh air sin. Clúdaíonn na taifid atá ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach, áfach, an chuid is mó den daonra agus ceantair gheografacha i bhfad níos mó, rud a fhágann go dtógann sé i bhfad níos mó ama iad a chuardach de láimh de ghnáth.

B’fhéidir go ndearnadh na cláir a bhain le ceantar ar leith a scaradh ina dhá cheantar freisin nuair a cruthaíodh na paróistí Caitliceacha Rómhánacha nua sa 19ú haois.

Tá idir pharóistí na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí agus pharóistí Eaglais na hÉireann eagraithe ina ndeoisí, de réir plean a leagadh amach ar an gcéad dul síos ag Sionad Cheanannais sna Meánaoiseanna. Tá na deoisí beagnach mar an gcéanna go fóill, cé go bhfuil roinnt de na deoisí meánaoiseacha is lú cónasctha ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach.