Reiligí

CÉARD IAD TAIFID NA REILIGÍ ATÁ AR LÍNE?

Tá dhá chineál taifead reilige ann, mar atá taifid adhlactha reilige agus tras-scríbhinní de chlocha cinn.
1. Taifid reilige: Is iad taifid reilige Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath an bailiúchán is mó ar líne, agus thart ar 1.5 milliún taifead ó 1828 amach ar fáil ag an láithreán íoc ar fhéachaint www.glasnevintrust.ie. Do Thuaisceart Bhaile Átha Cliath, féach ar curtha i bhFine Gall – bunachar sonraí inchuardaithe saor in aisce d’adhlacthaí i bhFine Gall a chuireann Comhairle Contae Fhine Gall ar fáil https://buried.fingal.ie/. Tá taifid adhlactha do Chontae Chiarraí saor in aisce ag www.kerrylaburials.ie. Tá taifid adhlactha chathair Luimnigh (do Chnocán San Labhrás) saor in aisce ag www.limerickcity.ie/Archives/. I dtaca le limistéir i gcathair Chorcaí agus a limistéir chomharsanacha, féach www.corkarchives.ie. Maidir le Béal Feirste, féach www.belfastcity.gov.uk/burialrecords.

2. Clocha Cinn: Rinneadh iad siúd a thras-scríobh, a fhoilsiú agus a dhigitiú i gcuid mhór áiteanna. Le treoir a fháil ar thras-scríbhinní chathair agus chontae Bhaile Átha Cliath, féach www.dublincity.ie/library/blog/new-database-site-now-available. Maidir le sé chontae Thuaisceart Éireann, tá sraith atá beagnach iomlán, gan íomhánna, ag an láithreán íoc ar fhéachaint www.historyfromheadstones.com. I dtaca le limistéir eile, is iad seo a leanas na príomhacmhainní:

www.histroricgraves.com
www.interment.net
www.discovereverafter.com
www.findmypast.ie

http://www.from-ireland.net/