Taifid Eagraíochtaí Míleata agus Póilíneachta atá ar fáil ar líne:
- An Chartlann Mhíleata Áirítear ar na bailiúcháin atá ar fáil ar líne Bailiúchán na bPinsean Seirbhíse Míleata, taifid Daonáirimh Arm na hÉireann, Biúró na Staire Míleata, Páipéirí Uí Choileáin, An tÓglach (iris), The Irish Volunteer, Stair Aonaid na Náisiún Aontaithe agus eile.
- An Chartlann Náisiúnta Tá bailiúchán sa chartlann d’uachtanna shaighdiúirí de chuid na hÉireann a bhí in Arm na Breataine nuair a fuair siad bás. Ó thráth an Chéad Chogaidh Dhomhanda an chuid is mó acu seo agus tá líon beag ó dheireadh an 19ú céad agus ó thráth Chogadh na hAfraice Theas (1899-1902) ar fáil freisin.
- The British National Army Museum Tá leabhair liostála ar fáil ina bhfuil taifead ar shaighdiúirí Éireannacha ag fónamh leis na Connaught Rangers, an Leinster Regiment, na Royal Dublin Fusiliers, an Royal Irish Regiment agus na Royal Munster Fusiliers ó 1920-22.
- World War I Veterans Tionscnamh deonach a cuireadh ar bun d’fhonn Éireannaigh a rinne saighdiúireacht sa Chéad Chogadh Domhanda a thabhairt chun suntais (1914-1918).
- In Flanders Fields Museum Tá Taifid Chuimhneacháin maidir le hÉireannaigh sa Chéad Chogadh Domhanda ar fáil.
- The British National Archives Tá buntaifid Arm na Breataine ar fáil ag an gcartlann seo i Londain. Tá taifid na gcártaí maidir le boinn úsáideach i ndáil le taighde a dhéanamh ar lucht airm sa Chéad Chogadh Domhanda.
- Ancestry Tá athscríobh déanta ar thaifid seirbhíse maidir leis an gCéad Chogadh Domhanda.
- Find my past Tá taifid seirbhíse agus pinsin ar fáil maidir leis an ré roimh 1914.