Skip to main content

Taifid Stairiúla Chathail Uí Eochaidh agus Éamon de Valera Nochtaithe Ar Líne

Tá taifid stairiúla a bhaineann le breith an iar-Thaoisigh Cathal Ó hEochaidh, agus bás an iar-Uachtaráin Éamon de Valera, agus a mhná chéile Sinéad, i measc sraith de dhoiciméid chlárúcháin shibhialta nua atá ar fáil le breathnú orthu ar líne.

I measc na dtaifead ar fáil ar www.irishgenealogy.ie tá:

  • Taifid bhreithe – 1864 go 1925
  • Taifid phósta – 1845 go 1950
  • Taifid bháis – 1864 go 1975

Ligeann Irishgenealogy.ie d’úsáideoirí raon leathan taifead a chuardach chun sinsearacht agus stair theaghlaigh a rianú.

Gach bliain cuirtear bliain bhreise d’iontrálacha Breithe, Pósta agus Báis leis an suíomh Gréasáin, atá saor in aisce le húsáid, agus níl aon síntiús ná clárú ag teastáil.

Chuir an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, fáilte roimh an eisiúint is déanaí seo:

“Leanann an comhoibriú leanúnach idir mo Roinn agus an Roinn Coimirce Sóisialaí chun taifid chlárúcháin shibhialta breitheanna, básanna agus póstaí a chur ar fáil ar líne.

“Cinntíonn an tionscadal comhoibríoch seo go mbeidh na foinsí taifead luachmhara sin ar fáil do shaoránaigh agus do dhiaspóra na hÉireann ar fud an domhain, gan srian agus gan stró, tríd an suíomh gréasáin www.irishgeneaology.ie,

“Táim cinnte go gcuirfidh daoine atá bainteach le taighde ginealaigh fáilte roimh an nuashonrú seo.

“Tar éis na dtaifead nua dhá mhí dhéag a chur leis, is féidir rochtain a fháil anois ar bhreith an iar-Thaoisigh Cathal Ó hEochaidh agus ar bhás an iar-Uachtaráin Éamon De Valera agus a mhná chéile Sinéad agus iad a fheiceáil ar líne.”

Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary, TD:

“Táim breá sásta bliain eile de thaifid a chur ar fáil don Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt ionas gur féidir rochtain a fháil ar líne ar an bhfoinse mhór faisnéise staire teaghlaigh seo ar fud an domhain.

Tá taifid bhreithe, bháis agus phósta riachtanach chun saolta ár sinsir Éireannacha a rianú, agus tá lúcháir orm tacú leis an tionscadal comhoibríoch leanúnach seo.”

CRÍOCH

Preasoifig

An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt

The Department of Culture, Communications and Sport

Twitter: @DeptCultureIrl

Nótaí d’Eagarthóirí:

Is iad na taifid atá á seoladh ná iontrálacha Chlár na mBreitheanna do 1925, iontrálacha Chlár na bPóstaí do 1950 agus iontrálacha Chlár na mBásanna do 1975. Léiríonn na hiontrálacha sin faisnéis thábhachtach a bhíonn bunriachtanach go minic chun cabhrú le daoine foghlaim faoina sinsearacht.

Maidir le Breitheanna, tá an méid seo a leanas san áireamh:

  • Céadainm/Céadainmneacha an Pháiste
  • Sloinne an Pháiste
  • Dáta Breithe
  • Áit Bhreithe
  • Ainm agus Seoladh an Athar
  • Ainm na Máthar agus Sloinne Roimh Phósadh má bhí sí Pósta
  • Gairm an Athar
  • Síniú an Fhaisnéiseora (An duine a chláraigh do bhreith)
  • Dáta Clárúcháin na Breithe

Maidir le Póstaí, tá an méid seo a leanas san áireamh:

  • Suíomh an Phósta
  • Dáta an Phósta
  • Céadainm/Céadainmneacha agus Sloinne/Sloinnte na Brídí agus an Ghrúim
  • Aois Tráth an phósta
  • Stádas (i.e. Baitsiléir, Bean Neamhphósta nó Baintreach)
  • Gairm Bhrídí agus Ghrúim
  • Ainmneacha agus Seoltaí Aithreacha na Brídí agus an Ghrúim
  • Gairmeacha Aithreacha na Brídí agus an Ghrúim
  • Síniú na Brídí agus an Ghrúim
  • Síniú na Finnéithe

Maidir le Básanna, tá an méid seo a leanas san áireamh:

  • Dáta agus Áit an Bháis
  • Ainm agus Sloinne an Duine a Fuair Bás
  • Fear nó Bean
  • Stádas an Duine a Fuair Bás (i.e. Baitsiléir, Bean Neamhphósta nó Baintreach)
  • Aois ag an mbreithlá deireanach
  • Aicme, Gairm nó Slí Bheatha an Duine a Fuair Bás
  • Cúis an Bháis agus fad na breoiteachta
  • Síniú, cáilíocht agus áit chónaithe an fhaisnéiseora
  • Dáta clárúcháin

Seo a leanas na blianta atá clúdaithe ag na taifid stairiúla de Bhreitheanna, Póstaí agus Básanna ar an suíomh gréasáin www.irishgenealogy.ie:

Breitheanna: 1864 go 1925

Póstaí: 1845* go 1950

Básanna: 1871** go 1975

* Níor thosaigh Clárú Sibhialta Póstaí san Eaglais Chaitliceach Rómhánach ach sa bhliain 1864.

**Tá an tSeirbhís Clárúcháin Shibhialta ag obair i láthair na huaire ar na taifid atá fanta de bhásanna a théann siar go dtí 1864 a nuashonrú. Cuirfear iad sin san áireamh i nuashonruithe amach anseo ar na taifid atá ar fáil ar an suíomh gréasáin.

Cuirtear bliain eile d’iontrálacha Breithe, Pósta agus Báis leis an suíomh gréasáin gach bliain.

Tá an suíomh gréasáin saor in aisce le húsáid agus ní theastaíonn síntiús ná clárúchán chun é a úsáid.