Fáilte ón Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Tá lúcháir orm fáilte a chur romhat chuig irishgenealogy.ie, an suíomh gréasáin atá tiomnaithe chun cabhrú leat taifid stair do theaghlaigh a chuardach do na glúine a chuaigh romhat. Ar an suíomh anois tá taifid stairiúla Breitheanna, Póstaí agus Básanna na Príomh-Oifige Clárúcháin ar fáil. Tá na taifid sin á gcur leis na hInnéacsanna a ghabhann le taifid stairiúla Breitheanna, Póstaí agus Básanna, a bhí ar fáil cheana ar an suíomh.

Tuigeann mé féin agus mo Roinn gur bealach tábhachtach é an ginealas chun nasc a dhéanamh leo siúd thar lear ar mian leo a sinsir a lorg agus chun ligean do dhaoine anseo in Éirinn stair a gclann a bhunú.

Tá réimse an ghinealais casta faoi lathair agus mar sin de dhírigh mo Roinn ar fheidhmiúlacht bhreise chuardaigh a fhorbairt do www.irishgenealogy.ie trí thairseach nó áis chuardaigh a chur ar fáil do thaifid dhigiteacha ghinealais.

Beidh cuairteoirí in ann taifid a chuardach i bhfoinsí éagsúla ar líne, lena n-áirítear na Cláir agus Innéacsanna stairiúla a ghabhann le Cláir Shibhialta na mBreitheanna, Póstaí agus Básanna, na Taifid Eaglaise a bhí ar fáil cheana ar www.irishgenealogy.ie agus foinsí eile ar nós Daonáirimh 1901 agus 1911 agus Uachtanna Shaighdiúirí, gan ach beagán a lua.

Tá tuilleadh eolais faoi conas taighde a dhéanamh ar stair theaghlaigh in Éirinn le fáil ag Taighde in Éirinn.