Lána Mhichíl, Baile Átha Cliath (idir 1880-1900)

Grianghraf: Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Cás-Staidéar John Purcell

Rugadh JOHN PURCELL i mBaile Átha Cliath ar an 29 Bealtaine 1902. Is féidir linn a fháil amach ón iontráil san innéacs breithe sibhialta gurbh é sloinne a mháthar roimh a pósadh ná Kent, rud a fhágann gur féidir linn dul caol díreach chuig IrishGenealogy.ie le taifid eaglaise Bhaile Átha Cliath a chuardach le haghaidh aon phóstaí idir Purcell/Kent. Ní sheasann ach aon taifead ar leith amach, .i. pósadh Thomas Purcell agus Ellen Kent i mí an Mheithimh 1901 sa Leas-Ardeaglais i mBaile Átha Cliath.

Cén chaoi ar féidir linn a dheimhniú gurb é seo an lánúin ceart? D’fhéadfá a rá go raibh fianaise mhaith agat dá bhféadfá teacht ar John, 9 mbliana d’aois, mac le Thomas agus Ellen, i nDaonáireamh 1911. Bhí seisear daoine darbh ainm John a bhí thart ar an aois cheart i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1911. Ní raibh tuismitheoirí darbh ainm Thomas agus Ellen ach ag duine amháin acu. Tá a theaghlach ar cheann d’ocht dteaghlach a raibh cónaí orthu i dtionóntán amháin ar Shráid Ghairdinéir Íochtarach. Is é seo an teaghlach ceart, ceart go leor.

Is iomaí eolas a fhaighimid faoin teaghlach ón tuairisceán i ndáil le Daonáireamh 1911. Rugadh agus tógadh athair John, Thomas, i gCiarraí. Rugadh a mháthair, Ellen, san India. Rugadh a dheirfiúr óg, Jane, in Patricroft, Manchain i 1904/05 agus a dheartháir óg, Michael, i Learpholl i 1907/08. Is léir go mbíodh an teaghlach ag bogadh anseo is ansiúd, is dócha go bhféadfadh Thomas obair a fháil. Bhí sé ina “Oibrí Ginearálta”, agus níl aon amhras ann go raibh sé bocht.

Rugadh deirfiúr eile, Mary, mí i ndiaidh an daonáirimh.