Seán Lemass sa bhliain 1933

Grianghraf: Le caoinchead ó British Pathé

Cás-Staidéar Seán Lemass

Bhí saol iontach ag Seán Lemass (1899-1971). Bhí sé ar an trodaí ab óige in Ard-Oifig an Phoist le linn Éirí Amach na Cásca i 1916, tráth nach raibh ach 16 bliana slánaithe aige, agus d’fhág sé a rian ar Éirinn an lae inniu atá ann amach sa saol. Bhí sé ina Theachta Dála ar son Fhianna Fáil ar feadh 45 bliain, ó 1924 go dtí go ndeachaigh sé ar scor i 1969. Chaith sé seal mar an tAire Tionsclaíochta agus Tráchtála, mar an tAire Soláthairtí, agus mar an Tánaiste i rialtais i ndiaidh a chéile.

Ba é an Taoiseach é idir 1959 agus 1966, agus é freagrach as Éirinn a oscailt d’fhorbairt thionsclaíoch agus don Aontas Eorpach. I mí Eanáir 1916, scaoil sé a dheartháir Herbert, nach raibh ach ina bhabaí, de thaisme i dteach an teaghlaigh ar Shráid Chéipil. Bhí an gunnán aige mar thoradh ar an mbaint a bhí aige leis na hÓglaigh. Maraíodh a dheartháir Noel, a throid in éineacht leis in Ard-Oifig an Phoist agus ar an taobh in aghaidh an Chonartha i gCogadh na gCarad, sa bhliain 1923 ar chúiseanna nach bhfuil soiléir go fóill fiú amháin.

I 1934, thug an rialtas nua Fianna Fáil pinsin seirbhíse míleata isteach dóibh siúd a throid idir 1916 agus 1923. Bhí sé thar a bheith casta iarratas a chur isteach ar cheann sa chaoi go raibh ar an té foirmeacha fada a chomhlánú agus cuntais mhionsonraithe a thabhairt ar an tseirbhís a rinneadh. Rinne Lemass iarratas ar cheann de na pinsin sin i 1941, tráth arbh é an tAire Tionsclaíochta agus Tráchtála é. Tá cóip dá bhuniarratas, a chuntas féin ar an tseirbhís a rinne sé san áireamh, ar fáil ar líne mar chuid de Bhailiúchán Pinsean na Cartlainne Míleata: cliceáil anseoanseo.

Bronnadh pinsean bliantúil de luach £99-16-5 air, méid suntasach airgid ag an am.