Reiligí
CÉARD IAD TAIFID NA REILIGÍ ATÁ AR LÍNE?
Tá dhá chineál taifead reilige ann, mar atá taifid
adhlactha reilige agus tras-scríbhinní de chlocha cinn.
1. Taifid reilige: Is iad taifid reilige Ghlas Naíon i
mBaile Átha Cliath an bailiúchán is mó ar líne, agus thart ar 1.5
milliún taifead ó 1828 amach ar fáil ag an láithreán íoc ar fhéachaint
www.glasnevintrust.ie.
Tá taifid adhlactha do Chontae Chiarraí saor in aisce
ag www.kerrylaburials.ie. Tá taifid adhlactha chathair Luimnigh (do Chnocán San
Labhrás) saor in aisce ag www.limerickcity.ie/Archives/. I dtaca le limistéir i gcathair Chorcaí agus a limistéir
chomharsanacha, féach www.corkarchives.ie. Maidir le Béal Feirste, féach www.belfastcity.gov.uk/burialrecords.
2. Clocha Cinn: Rinneadh iad siúd a thras-scríobh, a
fhoilsiú agus a dhigitiú i gcuid mhór áiteanna. Le treoir a fháil ar
thras-scríbhinní chathair agus chontae Bhaile Átha Cliath, féach
www.dublinheritage.ie. Maidir le sé chontae Thuaisceart Éireann, tá sraith atá
beagnach iomlán, gan íomhánna, ag an láithreán íoc ar fhéachaint www.historyfromheadstones.com.
I dtaca le limistéir eile, is iad seo a leanas na príomhacmhainní:
• www.histroricgraves.com
• www.interment.net
• www.discovereverafter.com
• www.findmypast.ie