Ba mhaith liom cóip a fháil de dheimhniú, cad is féidir liom a dhéanamh?

Reáchtálann Oifig an Ard-Chláraitheora saoráid taighde freisin ar Shráid San Werburgh, BÁC 2, inar féidir leis an bpobal, agus iad i mbun taighde teaghlaigh, na hinnéacsanna a ghabhann leis na cláir atá ag Oifig an Ard-Chláraitheora a chuardach agus fótachóipeanna d'iontrálacha sna cláir a cheannach. Féach an leathanach Taighde.

Oibríonn an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta an suíomh gréasáin oifigiúil www.certificates.ie freisin d'éinne ar mian leo teastas breithe, marbh-bhreithe, uchtaithe, pósta, páirtnéireachta sibhialta nó báis a cheannach ar líne.

Nó is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil agus í a sheoladh sa phost. Cliceáil anseo le haghaidh nasc chuig an leathanach Iarratais ar Theastais.