Cad is ann do na Taifid Shibhialta

Is iad Taifid Shibhialta Breitheanna, Póstaí agus Básanna taifid oifigiúla an Stáit ar Bhreitheanna, Póstaí agus Básanna in Éirinn. Déanann Oifig an Ard-Chláraitheora na taifid sin a chothabháil.

Is í Oifig an Ard-Chláraitheora an stór sibhialta lárnach do thaifid a bhaineann le breitheanna, marbh-bhreitheanna, básanna, póstaí, páirtnéireachtaí sibhialta agus uchtuithe in Éirinn.

Feidhmíonn Oifig an Ard-Chláraitheora faoi choimirce na Roinne Coimirce Sóisialaí agus tá sí freagrach as riarachán na Seirbhíse um Chlárú Sibhialta in Éirinn. Tá Oifig an Ard-Chláraitheora lonnaithe in Oifigí an Rialtais, Bóthar an Chlochair, Ros Comáin.

Tá an tArd-Chláraitheoir freagrach as an gcóras clárúcháin in Éirinn a bhainistiú agus a rialú, ach tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) freagrach as an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta a sheachadadh ó lá go lá trí líonra d'oifigí áitiúla na Seirbhíse um Chlárú Sibhialta ar fud an Stáit. (www.civilregistrationservice.ie)