Fógra maidir le hatheagrú féideartha Taifid Bhreithe Stairiúla

Tá íomhánna stairiúla de thaifid breithe atá níos mó ná 100 bliain d’aois á gcur ar fáil ar www.irishgenealogy.ie.

Má tá tú os cionn 100 bliain d’aois agus mura mian leat go mbeadh íomhá de thaifead do bhreithe ar fáil ar líne, seol iarratas i scríbhinn chuig an Roinn ag iarraidh go leasófaí na taifid ar www.irishgenealogy.ie.

Ba chóir an t-iarratas i scríbhinn, ina leagfar amach an t-ainm, dáta breithe, ceantar clárúcháin agus na sonraí teagmhála, a sheoladh chuig:

Na hEalaíona, Scannán agus Infheistíocht
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Oifigí an Rialtais, An Bóthar Nua
Cill Airne, Co. Chiarraí

nó trí ríomhphost chuig This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it..

Tabhair faoi deara go bhféadfadh an Roinn tuilleadh eolais a lorg leis an iarratas a fhíorú.