Fógra maidir le taifid chealaithe

Tá íomhánna stairiúla de thaifid breithe, báis agus pósta á gcur ar fáil ar www.irishgenealogy.ie.
I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh go mbeadh íomhánna a cuireadh ar ceal go fóill le feiceáil.

Má tá do shonraí in iontráil chealaithe agus mura mian leat to gcuirfí an íomhá chealaithe ar fáil ar líne, seol iarratas i scríbhinn chuig an Roinn, ag iarraidh go leasófaí na taifid ar www.irishgenealogy.ie.

Ba chóir an t-iarratas i scríbhinn, ina leagtar amach sonraí na hiontrála cealaithe, a sheoladh chuig:

Na hEalaíona, Scannán agus Infheistíocht
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Oifigí an Rialtais, An Bóthar Nua
Cill Airne, Co. Chiarraí

nó trí ríomhphost chuig This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it..