Na hÉireannaigh Thar Lear

CÉARD IAD NA TAIFID THAR LEAR ATÁ AR LÍNE A BHAINEANN LEIS NA hÉIREANNAIGH?

D’fhéadfadh taifid na nÉireannach thar lear, go háirithe taifid na n-imirceach den chéad ghlúin, níos mó sonraí a thaifeadadh in amanna ná mar atá sna taifid a mhaireann in Éirinn. Is iad seo a leanas na cinn is tábhachtaí ina measc:
1. Taifid bhásanna na hAstráile. Déanann siad sin ainmneacha agus seoltaí beirt thuismitheoirí an mharbháin a thaifeadadh. Maidir le cuid mhór imirceach Éireannach, d’fhéadfadh sé sin a bheith mar an t-aon áit amháin ina bhfuil a leithéid sin d’fhaisnéis taifeadta. Chuir stáit éagsúla tús le clárúchán i mblianta éagsúla. Tá achoimre mhaith le fáil ag www.coraweb.com.au.
2. Taifid bhásanna na hAlban. Tosaíonn na taifid seo i 1855 agus déanann ainmneacha agus seoltaí iomlána céilí agus beirt thuismitheoirí a thaifeadadh. Rinneadh líon ollmhór d’eisimircigh Éireannacha a thaifeadadh. Rinneadh póstaí agus breitheanna a thaifeadadh freisin ó 1855 amach. Féach www.scotlandspeople.gov.uk.
3. Taifid phósta S.A.M. Cuireadh tús leo siúd i mbliain éagsúil i ngach stát agus tá éagsúlacht d’fhaisnéis a bailíodh ann, ach d’fhéadfadh sé a bheith an-úsáideach. Mar shampla, déanann taifid phósta Massachusetts (www.familysearch.org), ainmneacha máthair agus athair an bheirt pháirtithe a thaifeadadh.
4. Tosaíonn taifid Phríomh-Oifig Chlárúcháin Shasana agus na Breataine Bige i 1837. Níl na cláir seo ar líne, ach tá beagnach gach ceann de na hinnéacsanna inchuardaithe go héasca ag www.freebmd.org.uk.