Taifid Réadmhaoine

CÉARD IAD NA TAIFID RÉADMHAOINE ATÁ AR LÍNE?

1. Ba é Luacháil Griffith (1847-1864) suirbhé an-chuimsitheach cánach réadmhaoine a foilsíodh i mblianta éagsúla do gach contae. Tá tras-scríbhinní agus taifead-íomhánna ar líne saor in aisce ag www.askaboutireland.ie/. Tá tras-scríbhinní agus taifead-íomhánna ar fáil freisin ag na láithreáin táille www.findmypast.ie agus www.origins.net. Bhí léarscáileanna mionsonraithe ag gabháil leis an Luacháil. Tá íomhánna díobh siúd, comhaimseartha leis an bhfoilseachán, le fáil ar www.origins.net, ach amháin i dtaca leis an 26 contae anois i bPoblacht na hÉireann. Tá léarscáileanna ar fáil i dtaca leis an 32 contae go léir ar www.askaboutireland.ie/, ach atá dátaithe roinnt deichbhlianta tar éis foilsithe. 
2. Tá taifead i Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna (c. 1823-1838) d’ainmneacha na ndaoine siúd a bhí faoi dhliteanas deachúna a íoc le ministrí áitiúla Eaglais na hÉireann. Bhí na deachúna iníoctha ag baill gach creideamh, ní amháin ag baill Eaglais na hÉireann, de thairbhe go raibh an Eaglais ina craobh den Stát. Mar sin féin, ní raibh sé iníoctha ach ar chineálacha éagsúla talún talmhaíochta agus, dá bhrí sin, níl na Leabhair chomh cuimsitheach sin is atá leabhair Griffith. Tá na Leabhair Dheachúna do 26 contae Phoblacht na hÉireann saor in aisce le cuardach (tras-scríbhinní le taifead-íomhánna) ag titheapplotmentbooks.nationalarchives.ie.
3.Ghlac Cúirt an Eastáit Talún an próiseas d’eastáit a bhí féimheach in éifeacht a dhíol agus í ag feidhmiú idir 1850 agus 1885. Tá a cuid taifead ar líne ag an láithreán síntiúis www.findmypast.ie.
 

CÉARD IAD NA TAIFID EAGLAISE ATÁ AR FÁIL AS LÍNE?

1. Tá leabhair athbhreithnithe ag an Oifig Luachála (www.valoff.ie) a léiríonn gach athrú i stádas gach píosa réadmhaoin a taifeadadh i leabhar Griffith, an chuid is mó dóibh ag teacht anuas go dtí na 1960í agus na 1970í, nuair a cuireadh an cháin réadmhaoine ar neamhní do shealbhóirí tithe príobháideacha.
2. Bunaíodh Clárlann na Talún i 1892 agus déanann beagnach gach idirbheart réadmhaoine tar éis an dáta sin a thaifeadadh. Is féidir a thaifid de theideal dlí a chuardach ag www.prai.ie.
3. Bunaíodh Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas (féach www.landregistry.ie) i 1707 chun cuidiú le seasamh dlí a thabhairt do na coigistithe ollmhóra talún ó na hÉireannaigh dhúchasacha thar céad bliain roimhe sin. D’fhéadfadh a thaifid a bheith an-úsáideach i dtaca le teaghlaigh thalún Angla-Éireannacha idir c.1740 agus 1840. Tá tionscadal deonach tras-scríofa le fáil ag freepages.genealogy.rootsweb.ancestry.com/~registryofdeeds/.
4. Ar feadh beagnach dhá chéad bliain idir 1700 agus 1900, bhí cónaí ar fhormhór mhuintir na hÉireann mar thionóntaí ar eastáit mhóra. Tá taifid na n-eastát seo scaipthe, lena n-áirítear a lán leabhar cíosa agus liostaí tionóntaí, agus na sealúchais is mó i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus in Oifig na dTaifead Poiblí i dTuaisceart Éireann. Tá roinnt sonraí le fáil ina gcatalóga ar líne. Tugann an láithreán www.landedestates.ie agus a thaifid a mhaireann do chúige Mumhan agus Chonnacht.