Tafid Na Príomh-Oifige Clárúcháin

CÉARD IAD TAIFID NA PRÍOMH-OIFIGE CLÁRÚCHÁIN ATÁ AR LÍNE?

Coinníonn an Phríomh-Oifig Chlárúcháin (GRO) gach taifead oifigiúil de bhreitheanna, básanna agus póstaí in Éirinn ó 1864 agus de phóstaí neamh-Chaitliceacha ó 1854. Is é an t-aon rochtain amháin ceadaithe go hiomlán ar na taifid seo trí na seomraí taighde i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. Tá roinnt bealaí rochtana neamhcheadaithe ann:
1. www.familysearch.org: Tá tras-scríbhinní ag an láithreán saor in aisce seo eagraithe ag Eaglais Íosa Críost Naomh na Laethanta Deireanacha (LDS) de gach innéacs lárnach i dtaca le breitheanna, póstaí agus básanna ó 1845/1864 go dtí 1922 d’oileán iomlán na hÉireann agus gó dtí 1958 do limistéar atá anois i bPoblacht na hÉireann. Ta tras-scríbhinní aige freisin (gan taifead-íomhánna) de lár-chláir bhreitheanna ó 1864 go dtí an chéad ráithe de 1881 agus de na cláir phóstaí ó 1864 go dtí 1870.
2. www.rootsireland.ie: Tá tras-scríbhinní ag an láithreán táille seo de chuid de na leabhair áitiúla chlárúcháin a tras-scríobhadh chun na lár-thaifid GRO a chruthú. Tá tras-scríbhinní de na leabhair chlárúcháin go léir ag ceithre chontae (Dún na nGall, Maigh Eo, Ros Comáin agus Tiobraid Árann) agus tá tras-scríbhinní de chéatadán suntasach de na leabhair ag cúig chontae eile (Gaillimh, Cill Dara, Luimneach, Sligeach agus Port Láirge).
3. www.geni.nidirect.gov.uk : Tá sé beartaithe ag láithreán oifigiúil Phríomh-Oifig Chlárúcháin Thuaisceart Éireann rochtain táille a ligean ar thras-scríbhinní bunachar sonraí iomlána dá gcuid taifead (ó 1845/1864 le haghaidh limistéar atá anois i dTuaisceart Éireann) faoi dheireadh 2013.
4. Tá tras-scríbhinn ag www.waterfordcountylibrary.ie de na leabhair áitiúla chlárúcháin le haghaidh básanna Chontae Phort Láirge.

CÉARD IAD TAIFID NA PRÍOMH-OIFIGE CLÁRÚCHÁIN ATÁ AS LÍNE AMHÁIN

Níl íomhánna de leabhair chlárúcháin, lárchóipeanna nó bunchóipeanna áitiúla ar bith le fáil ar líne. An t-aon bhealach chun íomhánna díobh seo a fháil ná leaganacha priontáilte a cheannach ó Sheomra Cuardaigh na Príomh-Oifige Clárucháin i mBaile Átha Cliath.