Príomhchuardaigh

Ligeann an laithreán seo anois do chuardach simplí, bunaidh, réamhdhéanta ar na láithreáin seo a leanas:
• Daonáireamh 1901
• Daonáireamh 1911
• Luacháil Griffith
• Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna
• Bailiúchán Chartlann Náisiúnta na hÉireann de Thiomnaí Saighdiúirí
• Taifid Bhiúró na Staire Míleata
• Catalóg Ar Líne Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
• Taifid inimirce SAM de Ellisisland.org
• Taifid inimirce SAM de CastleGarden.org
• Bunachar Sonraí Chur an Loch Amach Éireann-na hAstráile
• Na taifid i mbailiúchán Chartlanna Náisiúnta na hÉireann "Women in 20th-century Ireland – 1922-1966: sources from the Department of the Taoiseach database"
• Na taifid i Réadlann na nDaonnachtaá Digiteacha Acadamh Ríoga na hÉireann

Trí chéadainm ("John"), sloinne ("Murphy") agus áit ("Cork") a chur isteach sna leathanaigh bhunaidh chuardaigh agus trí chliceáil ar "Search" tiocfaidh tú go dtí leathanach ar a bhfuil naisc chuig na hacmhainní thuas a áiríonn an t-eolas a chuir tú isteach. Mar shampla, trí chliceáil ar "Search 1901 census" osclófar ar leathanach na dtorthaí fuinneog nua nó tab a thaispeánann gach John Murphy a taifeadadh i gCo. Chorcaí i ndaonáireamh 1901.

Feidhmíonn na láithreáin éagsúla ar a mbeidh tú ar a mbealaí féin. Go háirithe, ní dhéanann an chuid is mó acu cuardach ar athróga sloinnte: soláthraítear liosta na n-athróg gar do bharr an leathanaigh chun cur i gcuimhne duit go bhféadfadh athchuardach a bheith riachtanach ar an láithreán seachtrach féin.

Is é sin le rá go mbeidh éagsúlacht sna torthaí bunaidh seo ó láithreán go láithreán. Áirítear na cuardaigh réamhdhéanta chun na háiseanna eile atá ar fáil a chur in iúl agus chun cuidiú leat iad a úsáid den chéad uair.