• Welcome to Family Research 2016

    2016 Family History home2016 Family History is a new, free Irish genealogy education website, brought to you by the National Archives and IrishGenealogy.ie. The site is aimed primarily at secondary school students, but can be used by anyone with Irish ancestors to learn how to use the multiplicity of online sources now available for family history.

  • Comhghairdeas á dhéanamh ag an Aire Humphreys le foireann www.irishgenealogy.ie as an duais a bronnadh orthu ag Gradaim Ríomhsheirbhísí an Rialtais as Cur Chun Cinn na hÉireann Thar Lear

    An tAire Simon Harris TD, Tadhg O’Shea, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus GaeltachtaTá comhghairdeas déanta ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, leis an bhfoireann ina Roinn a dhéanann maoirsiú ar an suíomh gréasáin ginealais www.irishgenealogy.ie tar éis dóibh an Duais a bhuachan as Cur Chun Cinn na hÉireann Thar Lear ag Gradaim Ríomhsheirbhísí an Rialtais.

  • Fógra maidir le ríomhphoist fhioscaireachta

    Phishing warningTá sé tugtha faoi deara ag www.irishgenealogy.ie le cúpla lá anuas go bhfuil ríomhphost fioscaireachta á scaipeadh atá in ainm a bheith ag teacht ón suíomh gréasáin sin. Is é atá i líne an ábhair sa ríomhphost ná "Subscription For Research Service (Payment confirmed)".

    Is ionann é sin agus ríomhphost fioscaireachta agus ba chóir é a bhacadh/a scrios má fhaightear é. Ná tabhair freagra ar an ríomhphost agus ná hoscail aon naisc atá ceangailte leis. Ní suíomh gréasáin síntiúis é www.irishgenealogy.ie agus ní gá d’úsáideoirí clárú lena úsáid.

    Go raibh maith agat.

  • Seolann an tAire Humphreys tacar ginealais ar líne do scoileanna chun cuidiú le daltaí stair a dteaghlaigh a aimsiú

    Seolann an tAire Humphreys tacar ginealais ar líne do scoileanna chun cuidiú le daltaí stair a dteaghlaigh a aimsiú Tá an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., ag seoladh tacar nua ginealais ar líne do scoileanna inniu agus é mar aidhm leis daltaí a spreagadh chun a bhfréamhacha a scrúdú agus breathnú ar a gcrann ginealaigh.

    Tá an suíomh gréasáin ‘2016 Family History’ cruthaithe ag an gCartlann Náisiúnta mar thionscadal iarmhartach de chuid Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. Chas an tAire Humphreys le daltaí as Coláiste Mhucrois, Domhnach Broc, a bhí ag baint triail as an suíomh gréasáin, chun an acmhainn nua ar líne seo a sheoladh.

  • Taifid Shibhialta Stairiúla le feiceáil anois ar www.irishgenealogy.ie:

    historic civil recordsInniu, sheol Heather Humphreys T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Leo Varadkar T.D., an tAire Coimirce Sóisialaí, na taifid stairiúla de Bhreitheanna os cionn 100 bliain ó shin, Póstaí os cionn 75 bliain ó shin agus Básanna os cionn leathchéad bliain ó shin ón bPríomh-Oifig Clárúcháin.

    Tá tuilleadh sonraí ar na taifid atá ar fáil anois anseo.

  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5

Príomhchuardaigh

Ligeann an laithreán seo anois do chuardach simplí, bunaidh, réamhdhéanta ar na láithreáin seo a leanas:
• Daonáireamh 1901
• Daonáireamh 1911
• Luacháil Griffith
• Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna
• Bailiúchán Chartlann Náisiúnta na hÉireann de Thiomnaí Saighdiúirí
• Taifid Bhiúró na Staire Míleata
• Catalóg Ar Líne Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
• Taifid inimirce SAM de Ellisisland.org
• Taifid inimirce SAM de CastleGarden.org
• Bunachar Sonraí Chur an Loch Amach Éireann-na hAstráile
• Na taifid i mbailiúchán Chartlanna Náisiúnta na hÉireann "Women in 20th-century Ireland – 1922-1966: sources from the Department of the Taoiseach database"
• Na taifid i Réadlann na nDaonnachtaá Digiteacha Acadamh Ríoga na hÉireann

Trí chéadainm ("John"), sloinne ("Murphy") agus áit ("Cork") a chur isteach sna leathanaigh bhunaidh chuardaigh agus trí chliceáil ar "Search" tiocfaidh tú go dtí leathanach ar a bhfuil naisc chuig na hacmhainní thuas a áiríonn an t-eolas a chuir tú isteach. Mar shampla, trí chliceáil ar "Search 1901 census" osclófar ar leathanach na dtorthaí fuinneog nua nó tab a thaispeánann gach John Murphy a taifeadadh i gCo. Chorcaí i ndaonáireamh 1901.

Feidhmíonn na láithreáin éagsúla ar a mbeidh tú ar a mbealaí féin. Go háirithe, ní dhéanann an chuid is mó acu cuardach ar athróga sloinnte: soláthraítear liosta na n-athróg gar do bharr an leathanaigh chun cur i gcuimhne duit go bhféadfadh athchuardach a bheith riachtanach ar an láithreán seachtrach féin.

Is é sin le rá go mbeidh éagsúlacht sna torthaí bunaidh seo ó láithreán go láithreán. Áirítear na cuardaigh réamhdhéanta chun na háiseanna eile atá ar fáil a chur in iúl agus chun cuidiú leat iad a úsáid den chéad uair.

Saoróga

Ligtear úsáid na saoróige " * " le gach cuardach. Glacann sé sin áit de shraith ar bith litreacha sa téarma cuardaigh a chuireann tú isteach. Mar shampla, trí "McEntaggert" a chur isteach gheobhaidh tú 6 thoradh, ach trí "M*c*n*t*g*rt" a chur isteach (a fhaigheann Mackentaggart, MacEntaggert, McIntegert, McEntaggirt etc.) gheobhaidh tú 398 toradh.

Cuimhnigh gur sna gutaí a bhíonn an síneadh fada agus, dá bhrí sin, is dócha go n-athraítear iad sna taifid.

Cuardach Casta

Tógann an nasc "Tuilleadh roghanna cuardaigh" ar an leathanach baile Cuardach Simplí thú go dtí an leathanach Ardchuardach. Anseo féadfaidh tú:
• an cuardach a theorannú go dtí meaitseálacha sloinne díreacha amháin
• ainm céile a shonrú
• ainm tuismitheora a shonrú
• ainm linbh a shonrú
• amanna agus áiteanna díreacha d’imeachtaí a shonrú
• focal ar bith atá i dtaifead a shonrú

Arís, ná bí róshonrach, go háirithe maidir le ham agus áit.

 

Cuardach Simplí: Cast The Net Wide

Is í aidhm an phríomhleathanaigh chuardaigh (http://churchrecords.irishgenealogy.ie/) pointe simplí iontrála a sholáthar. Ná cuir barraíocht eolais isteach. Is leor céadainm agus sloinne de ghnáth. Déan na torthaí a fhiosrú ina dhiaidh sin. Trí na naisc nascleanúna sa cholún ar chlé a úsáid, féadfaidh tú na torthaí seo a chúngú de réir sainchreidimh, imeachta agus deich mbliana. Ag bun an cholúin ar chlé, féadfaidh tú ainmneacha breise a chur isteach chun an cuardach a chúngú tuilleadh.

Ba chóir duit a bheith ar an eolas go dtugann an cuardach, trí réamhshocrú, gach taifead ina bhfuil an dá ainm pearsanta. Is é sin le rá, má chuireann tú "John Murphy" isteach, gheobhaidh tú gach taifead ina bhfuil "John" agus "Murphy" le fáil (nó a n-athróga) i réimse ainmneacha ar bith. Mar sin, mar shampla, más John ainm an athar agus más Murphy sloinne caras Críost, tiocfaidh an cuardach sin ar ais trí chuardach le haghaidh John Murphy. Féadfaidh tú na torthaí a shocrú de réir ábharthachta chun na meaitseálacha is cruinne a thaispeáint ar dtús. Féadfaidh tú na torthaí a shocrú freisin in ord simplí croineolaíoch.

Tá an cheacht iomlán simplí: caith d’eangach chomh leathan agus is féidir ar dtús, agus ina dhiaidh sin déan do chuid torthaí a chúngú go córasach.

Athróga Sloinnte

Is iad na taifid coinnithe go fisiceach ag an láithreán seo na taifid eaglaise atá mionsonraithe thuas ag CÉAD IAD NA TAIFID EAGLAISE ATÁ AR FÁIL AR LÍNE?
Trí réamhshocrú, áirítear sa chuardach gach litriú éagsúil atá ar eolas, agus na meaitseálacha is cruinne taispeánta ar dtús. Is é an bonn le haghaidh na n-athróg seo an bailiúchán sloinnte déanta trí sloinnte Chiarraí a thras-scríobh agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh claonadh a bheith i gceist, go háirithe i dtaca le sloinnte thuaidh. Trí réamhshocrú, áirítear sa chuardach gach athróg d’aon chéadainm a chuirtear isteach.

Fáilte ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Tá lúcháir orm fáilte a chur romhat chuig irishgenealogy.ie, an suíomh gréasáin atá tiomnaithe chun cabhrú leat taifid stair do theaghlaigh a chuardach do na glúine a chuaigh romhat. Ar an suíomh anois tá taifid stairiúla Breitheanna, Póstaí agus Básanna na Príomh-Oifige Clárúcháin ar fáil. Tá na taifid sin á gcur leis na hInnéacsanna a ghabhann le taifid stairiúla Breitheanna, Póstaí agus Básanna, a bhí ar fáil cheana ar an suíomh.