Polasaí Príobháideachta agus Fianán

Ráiteas Ginearálta

Leagtar amach sa pholasaí seo an chaoi a n-úsáidfidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faisnéis fútsa a bheidh le fáil ón gcuairt a thugann tú ar ár suíomh gréasáin. Tá príobháideacht ár gcustaiméirí thar a bheith tábhachtach dúinn. Tá meas iomlán againn ar do chearta chun príobháideachta agus ní bhaileofar aon fhaisnéis phearsanta fút ar an suíomh gréasáin seo gan cead soiléir uaitse.

An Ceart chun Diúltú d’Fhianáin

Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as Google Analytics, seirbhís anailísíochta gréasáin a chuireann Google, Inc. ("Google") ar fáil. Baineann Google Analytics úsáid as "fianáin", téacschomhaid a chuirtear ar do ríomhaire, chun cuidiú leis an suíomh gréasáin anailís a dhéanamh ar chonas a bhaineann úsáideoirí úsáid as an suíomh.

Tarchuirfear an fhaisnéise a ghineann an fianán, maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin (do sheoladh IP san áireamh), chuig Google ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe, áit a stórálfar an fhaisnéis. Bainfidh Google úsáid as an bhfaisnéis sin chun measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin agus cuirfidh siad tuarascálacha i dtoll a chéile ar ghníomhaíocht an tsuímh ghréasáin d'oibreoirí an tsuímh agus cuirfidh siad seirbhísí eile ar fáil freisin maidir le gníomhaíocht an tsuímh ghréasáin agus úsáid an idirlín. Féadfaidh Google an fhaisnéis sin a aistriú chuig tríú páirtithe má éilíonn an dlí é sin, nó sa chás go ndéanann tríú páirtithe próiseáil ar an bhfaisnéis thar ceann Google. Ní chomhcheanglóidh Google do sheoladh IP le faisnéis ar bith eile atá i seilbh Google. Féadfaidh tú úsáid fianán a dhiúltú trí na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí. Ach, tabhair faoi deara, má dhéanann tú sin, ta an baol ann nach mbeidh tú in ann na feidhmeanna iomlána ar an suíomh gréasáin seo a úsáid. Agus tú ag úsáid an tsuímh ghréasáin seo, tá tú ag ceadú do Google faisnéis fút a phróiseáil ar an mbealach atá luaite thuas agus ar mhaithe leis na cuspóirí atá luaite thuas.

Faisnéis Theicniúil á Bailiú agus á hÚsáid

Féadfaimid eolas ginearálta a bhailiú agus a stóráil ar mhaithe le staitisticí. Mar shampla, d’fhéadfaimis líon na gcuairteoirí ar leathanaigh dhifriúla ar an suíomh gréasáin a chomhaireamh chun cuidiú linn leathanaigh níos áisiúla a chur ar fáil do chuairteoirí. Ní féidir teacht ar d'ainm san fhaisnéis seo. Bailímid agus stórálaimid go huathoibríoch an t-eolas seo a leanas amháin maidir le do chuairt:

  1. an fearann Idirlín (mar shampla, 'cuideachtax.com' má úsáideann tú cuntas rochtana príobháideach Idirlín nó 'yourschool.edu' má cheanglaíonn tú ó fhearann ollscoile) agus an seoladh IP (is uimhir é an seoladh IP a shanntar go huathoibríoch do do ríomhaire gach uair a bhíonn tú ag scimeáil ar an Idirlíon) as a bhfaigheann tú rochtain ar ár suíomh gréasáin
  2. an cineál brabhsálaí agus an cineál córas oibriúcháin a úsáidtear chun rochtain a fháil ar ár suíomh
  3. an dáta agus an t-am a bhfaigheann tú rochtain ar ár suíomh
  4. na leathanaigh ar a dtugann tú cuairt
  5. má thug tú cuairt ar shuíomh gréasáin na Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó nasc ar shuíomh eile gréasáin, seoladh an tsuímh ghréasáin sin.

Go bunúsach, is í an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán mháin a bhainfidh úsáid as an bhfaisnéis theicniúil, agus bainfidh sí úsáid aisti ar mhaithe le cuspóirí staitistiúla agus riaracháin amháin.

Faisnéis Phearsanta á Bailiú agus á hÚsáid

Ní bhainfear úsáid as an bhfaisnéis a sholáthraíonn tú ar shuíomh gréasáin na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ach ar mhaithe leis an gcuspóir sonraithe amháin. Agus tú ag seoladh teachtaireacht ríomhphoist chugainn, d'fhéadfadh sé tarlú go mbeadh tú ag seoladh eolas pearsanta chugainn - d'ainm, do sheoladh, do sheoladh ríomhphoist mar shampla. D’fhéadfaimis d'ainm, do sheoladh agus do sheoladh ríomhphoist a stóráil chun freagra a thabhairt ar d’iarratas nó chun teacht ar réiteach ar ábhar an ríomhphoist.

Ní dhéanfaidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán iarracht ar bith ainm aon chuairteora ar leith ar an suíomh gréasáin a aithint ná aon sonraí teicniúla a bhaineann le haon duine aonair a shainaithint. Is é an polasaí atá againn gan faisnéis theicniúil dá leithéid a bhaineann le daoine aonair a thugann cuairt ar an suíomh gréasáin a chur ar fáil d’aon tríú páirtí, ach amháin sa chás go n-éilíonn an dlí go gcaithfimid a leithéid d'fhaisnéis a ligean amach.