• Welcome to Family Research 2016

    2016 Family History home2016 Family History is a new, free Irish genealogy education website, brought to you by the National Archives and IrishGenealogy.ie. The site is aimed primarily at secondary school students, but can be used by anyone with Irish ancestors to learn how to use the multiplicity of online sources now available for family history.

  • Comhghairdeas á dhéanamh ag an Aire Humphreys le foireann www.irishgenealogy.ie as an duais a bronnadh orthu ag Gradaim Ríomhsheirbhísí an Rialtais as Cur Chun Cinn na hÉireann Thar Lear

    An tAire Simon Harris TD, Tadhg O’Shea, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus GaeltachtaTá comhghairdeas déanta ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, leis an bhfoireann ina Roinn a dhéanann maoirsiú ar an suíomh gréasáin ginealais www.irishgenealogy.ie tar éis dóibh an Duais a bhuachan as Cur Chun Cinn na hÉireann Thar Lear ag Gradaim Ríomhsheirbhísí an Rialtais.

  • Fógra maidir le ríomhphoist fhioscaireachta

    Phishing warningTá sé tugtha faoi deara ag www.irishgenealogy.ie le cúpla lá anuas go bhfuil ríomhphost fioscaireachta á scaipeadh atá in ainm a bheith ag teacht ón suíomh gréasáin sin. Is é atá i líne an ábhair sa ríomhphost ná "Subscription For Research Service (Payment confirmed)".

    Is ionann é sin agus ríomhphost fioscaireachta agus ba chóir é a bhacadh/a scrios má fhaightear é. Ná tabhair freagra ar an ríomhphost agus ná hoscail aon naisc atá ceangailte leis. Ní suíomh gréasáin síntiúis é www.irishgenealogy.ie agus ní gá d’úsáideoirí clárú lena úsáid.

    Go raibh maith agat.

  • Seolann an tAire Humphreys tacar ginealais ar líne do scoileanna chun cuidiú le daltaí stair a dteaghlaigh a aimsiú

    Seolann an tAire Humphreys tacar ginealais ar líne do scoileanna chun cuidiú le daltaí stair a dteaghlaigh a aimsiú Tá an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., ag seoladh tacar nua ginealais ar líne do scoileanna inniu agus é mar aidhm leis daltaí a spreagadh chun a bhfréamhacha a scrúdú agus breathnú ar a gcrann ginealaigh.

    Tá an suíomh gréasáin ‘2016 Family History’ cruthaithe ag an gCartlann Náisiúnta mar thionscadal iarmhartach de chuid Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. Chas an tAire Humphreys le daltaí as Coláiste Mhucrois, Domhnach Broc, a bhí ag baint triail as an suíomh gréasáin, chun an acmhainn nua ar líne seo a sheoladh.

  • Taifid Shibhialta Stairiúla le feiceáil anois ar www.irishgenealogy.ie:

    historic civil recordsInniu, sheol Heather Humphreys T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Leo Varadkar T.D., an tAire Coimirce Sóisialaí, na taifid stairiúla de Bhreitheanna os cionn 100 bliain ó shin, Póstaí os cionn 75 bliain ó shin agus Básanna os cionn leathchéad bliain ó shin ón bPríomh-Oifig Clárúcháin.

    Tá tuilleadh sonraí ar na taifid atá ar fáil anois anseo.

  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5

Cad a Aimseoigh Tú

Bíonn gach stair theaghlaigh difriúil. Mar sin, níl a fhios agat céard a aimseoidh tú go gcuirtear tús leis an gcuardach. Mar sin féin, de ghnáth is é dáta tosaigh clár paróistí ábhartha teorainn an taighde. Bíonn éagsúlacht ag baint leis sin, agus taifid ag tosú go déanach sna 1700í i mBaile Átha Cliath agus i gcuid de na háiteanna níos saibhre in oirthear na hÉireann, ach ní thosaíonn na taifid go dtí na 1840í nó na 1850í i go leor áiteanna san iarthar.

Faigh Cabhair

Faigh roinnt faisnéise ar chúlra shloinnte do theaghlaigh agus léigh cuid de na buntreoracha a bhaineann le stair theaghlaigh a lorg. Tá treoir mhaith ar líne le fáil ag http://tinyurl.com/c82qkl4.

Tá a gcatalóga ar fáil ar an Idirlíon anois ag an gcuid is mó de leabharlanna contae – féach www.askaboutireland.ie/libraries.

Eagraíonn an Leabharlann Náisiúnta agus an Chartlann Náisiúnta seirbhísí comhairle ginealais siúil isteach, áit a bhfaigheann tú comhairle phearsanta ar thaifid agus ar thaighde. I measc oibreacha úsáideacha foilsithe tá siad seo a leanas:


Donal Begley, eagarthóir, Irish Genealogy, A Record Finder (Baile Átha Cliath, Éire: Heraldic Artists Ltd.,1981)
Kyle J. Betit & Dwight A. Radford, Ireland: A Genealogical Guide for North Americans, (Salt Lake City: Irish At Home and Abroad, 1995)
ffeary-Smyrl, Steven agus Eileen Ò Dùill, Irish Civil Registration: Where Do I Start? (Baile Átha Cliath, Éire: The Council of Irish Genealogical Organizations, 2000, www.cigo.ie)
John Grenham, Tracing Your Irish Ancestors (Baile Átha Cliath, Éire: Gill agus Macmillan, an ceathrú eagrán, 2011)
George B. Handran, CG, ed., Townlands in Poor Law Unions; a Reprint of Poor Law Union Pamphlets of the General Registrar's Office (Salem, Massachusetts: Higginson Book Company, 1997)
Tony McCarthy, Irish Roots Guide, (Baile Átha Cliath, Éire: The Lilliput Press, 1995).
Màire Mac Conghail agus Paul Gorry, Tracing Irish Ancestors, A Practical Guide to Irish Genealogy, (Glaschú, Albain: Harper Collins, 1997). Scaipthe sna Stáit Aontaithe ag Foilsitheoirí Roberts Rinehart, 6309 Monarch Park Place, Niwot, Colorado 80503.
Edward Mac Lysaght, The Surnames of Ireland, (An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath, Éire: Irish Academic Press, athphriontáilte 1991).
Brian Mitchell, A New Genealogical Atlas of Ireland, (Dún na Séad: Genealogical Publishing Co., 3ú priontáil, 1992)
David S. Ouimette, Finding Your Irish Ancestors: A Beginner's Guide, (Ancestry.com, 2005)
James G. Ryan, Irish Records, Sources for Family and Local History, (Gleann na gCaorach, Co. Bhaile Átha Cliath, Éire: Flyleaf Press, 1998).
James G. Ryan (eagarthóir), Irish Church records, (Flyleaf Press (Baile Átha Cliath) 2001. www.flyleaf.ie)


 

Conas Dul i Ngleic Leis Na Taifid

Arís, bíonn gach stair theaghlaigh difriúil, ach is é seo a leanas an tsraitheog is coitianta:

1. Taifid na Príomh-Oifige Clárúcháin.
Ar dtús, bain úsáid as na taifid stáit seo de bhreitheanna, básanna agus póstaí chun an méid a d’fhoghlaim tú ó do theaghlach a dheimhniú. Faigh teastais agus bain gach píosa eolais atá orthu – tá taifid phósta go háirithe úsáideach. Tá innéacsanna le fáil ag www.familysearch.org.


2. Tuairisceáin daonáirimh 1901 agus 1911. 
Soláthraíonn siad alaghraif úsáideacha ar theaghlach iomlán, lena n-áirítear aoiseanna, slite beatha, contaetha breithe agus, i gcás 1911, líon na mblianta pósta. www.census.nationalarchives.ie


3. Taifid na Príomh-Oifige Clárúcháin arís.
Agus an fhaisnéis a fuarthas ó na tuairisceáin daonáirimh in úsáid agat, féadfaidh tú taifid GRO a chuardach le haghaidh glúine níos luaithe.


4. Taifid réadmhaoine.
Is é Luacháil Griffith (1847-64) an t-aon ionadaí daonáirimh cuimsitheach ó lár an naoú céad déag. Le faisnéis ón GRO ba chóir duit a bheith in ann díriú ar iontrálacha ar leith. www.askaboutireland.ie Maidir leis na blianta luatha sa 19ú céad, is é Suirbhé Cheaproinnt na nDeachúna de c. 123-193 an t-aon áis amháin atá beagnach cuimsitheach. Tá na taifid do 26 contae Phoblacht na hÉireann ar líne ag www.titheapplotmentbooks.nationalarchives.ie.


5. Taifid pharóiste.
Sular tosaíodh clárú sibhialta do gach duine i 1864, is iad seo a bheag nó a mhór na foinsí díreacha amháin d’fhaisnéis theaghlaigh. Níl clúdach iomlán ag aon láithreán. Is iad na príomhacmhainní an láithreán seo, www.rootsireland.ie agus www.ancestry.co.uk.


6. Gach rud eile.
Tá cuid mhór foinsí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha i dtaca le háiteanna nó cúinsí ar leith – eolairí, taifid ghairme, liostaí tionóntaí, clocha cinn …


 

Tús A Chur Le Stair Do Theaghlaigh

TÚS A CHUR LE STAIR DO THEAGHLAIGH

SULA DTÉANN TÚ CHUIG TAIFEAD:
Labhair le do theaghlach. Níl ciall ar bith le laethanta fada a chaitheamh ag dul trí bhunachair shonraí le sloinne do shin-sheanmháthair a fháil nuair atá sé ar eolas ag duine sa teaghlach cheana féin. Mar sin, sa chéad dul síos, labhair le tuismitheoirí, aintíní, uncailí, col ceathracha, seantuismitheoirí, srl, agus faigh amach céard atá ar eolas acu. Bíonn duine amháin ar a laghad sa chuid is mó de theaghlaigh a choinníonn eolas ar an líonra sínithe de ghaolta, agus más féidir leat í (bean atá i gceist de ghnáth) a aimsiú, tá tús maith curtha agat leis an obair.

SLOINNTE AGUS AINMNIÚ:
Níl aon tábhacht ar leith le litriú cruinn na sloinnte lena bhfuil tú ag déileáil. Cé go bhfuil an litriú tábhachtach dúinn sa lá inniu, roimh an 20ú céad bhíodh éagsúlachtaí suntasacha sa litriú sna taifid éagsúla – bhí neamhlitearthacht forleathan agus bhí Gaeilge ag cuid mhór daoine mar an teanga dhúchais. Bhí rudaí níos tábhachtaí ar intinn ag an gcuid is mó de dhaoine, gan a bheith ag smaoineamh ar an dóigh a n-ainmneacha a litriú i dteanga eachtrach, mar shampla go leor bia a bheith acu.

DÁTAÍ:
Níl aoiseanna tuairiscthe cruinn in am ar bith. Roimh 1900, ní raibh ceiliúradh breithlae ach ag líon an-bheag de leanaí a bhí faoi phribhléid, agus gan cheiliúradh agat, cén fáth a raibh sé tábhachtach dáta cruinn a bheith ar eolas agat? Ina theannta sin, ní mhothaíonn mórán daoine níos sine ná 40 bliain d’aois go bhfuil siad chomh aosta is atá siad i ndáiríre. Cuir an dá rud le chéile agus gheobhaidh tú líonta neamhdhóchúla daoine a thuairiscíonn a n-aoiseanna mar 30, 40, agus 50. Tá an cheacht simplí. Bí amhrasach. Bí an-amhrasach.

DÉAN TAIFEAD DE GACH RUD:
D’fhéadfadh méid na faisnéise lena bhfuil tú ag déileáil dul i méid go tapa, go háirithe sna céimeanna luatha. Mar sin, smaoineamh maith atá ann socrú ar dtús ar bhealach le faisnéis a stóráil lena mbeidh sé éasca agat rudaí a fháil go tapa. Tagann cuid mhaith daoine ar stair theaghlaigh anois is arís agus breacann siad síos é, agus beidh an taighde níos éasca mura mbeidh ort a bheith ar thóir rud éigin a bhreac tú síos ar phíosa páipéir. Is leor bosca bróg ina bhfuil cártaí innéacs aibítreach do gach duine aonair. Mar atá ceanglán leathanach scaoilte. Tá roinnt pacáistí bogearraí ar fáil freisin nach bhfuil costasach agus roinnt láithreán gréasáin a ligeann duit faisnéis chasta theaghlaigh a stóráil agus a aisghabháil go héasca.

TOSAIGH Ó …
Is é an láithreán daonáireamh 1901 agus 1911 – www.census.nationalarchives.ie – an áit is fearr le triail a bhaint as an taighde: tá sé saor in aisce, iomasach agus tá íomhánna aige de na foirmeacha bunaidh daonáirimh go léir. Aimsigh do shin-sheantuismitheoirí anseo, agus beidh spraoi agat.

RIAIL AMHÁIN LE GACH CEANN A CHEANGAL LE CHÉILE:
Maidir le taighde, is í an riail amháin ná go dtosaíonn tú ón rud atá ar eolas agat, agus go mbaineann tú úsáid as le tuilleadh a fháil amach. Tá sé beagnach dodhéanta teaghlach stairiúil a ghlacadh agus iarracht a dhéanamh fáil amach an nasc a d’fhéadfadh a bheith agat leis. Ina ionad sin, samhlaigh gur bleachtaire tú, ag glacadh gach píosa faisnéise mar fhianaise fhéideartha agus iad a úsáid le tuilleadh faisnéise a aimsiú a bheidh ina dhiaidh sin mar fhianaise le haghaidh tuilleadh taighde.

 

Fáilte ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Tá lúcháir orm fáilte a chur romhat chuig irishgenealogy.ie, an suíomh gréasáin atá tiomnaithe chun cabhrú leat taifid stair do theaghlaigh a chuardach do na glúine a chuaigh romhat. Ar an suíomh anois tá taifid stairiúla Breitheanna, Póstaí agus Básanna na Príomh-Oifige Clárúcháin ar fáil. Tá na taifid sin á gcur leis na hInnéacsanna a ghabhann le taifid stairiúla Breitheanna, Póstaí agus Básanna, a bhí ar fáil cheana ar an suíomh.