Seolann an tAire Humphreys tacar ginealais ar líne do scoileanna chun cuidiú le daltaí stair a dteaghlaigh a aimsiú

Seolann an tAire Humphreys tacar ginealais ar líne do scoileanna chun cuidiú le daltaí stair a dteaghlaigh a aimsiúTá an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., ag seoladh tacar nua ginealais ar líne do scoileanna inniu agus é mar aidhm leis daltaí a spreagadh chun a bhfréamhacha a scrúdú agus breathnú ar a gcrann ginealaigh.

Tá an suíomh gréasáin 2016 Family History cruthaithe ag an gCartlann Náisiúnta mar thionscadal iarmhartach de chuid Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. Chas an tAire Humphreys le daltaí as Coláiste Mhucrois, Domhnach Broc, a bhí ag baint triail as an suíomh gréasáin, chun an acmhainn nua ar líne seo a sheoladh.

Cuireann an suíomh gréasáin leideanna ar fáil faoi conas teacht ar do shinsir agus tugann sé réimse acmhainní ar líne le chéile in aon áit amháin. Trí fhíseáin fhaisnéiseacha agus treoracha céim ar chéim, cás-staidéir agus tascanna spriocdhírithe, is féidir le daltaí foghlaim conas an réimse leathan de thaifid stairiúla na h‏Éireann atá ar fáil ar líne a fhiosrú, lena n-áirítear an daonáireamh, taifid shibhialta, cartlanna míleata agus clárlanna eaglaise.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá an oiread taifid stairiúla ar fáil ar líne go mbíonn sé deacair fios a bheith agat cá dtosóidh tú. Tugann an tacar nua ginealais seo neart leideanna duit faoi cá ndéanfaidh tú sin. Tugann sé treoir céim ar chéim do dhaltaí faoi conas réimse bunachair sonraí agus cartlanna ar líne a chuardach, rud a thugann deis dóibh stair a dteaghlaigh féin a fhiosrú.

“Ar cheann de na gnéithe iarmharthacha is suntasaí d’Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, tá an infheistíocht ollmhór atá déanta ag ár bhForais Chultúrtha i méadú a gcartlanna ar líne. Tá an suíomh gréasáin iontach seo forbartha ag an gCartlann Náisiúnta, faoi stiúir Chaitriona Crowe, agus feidhmeoidh sé mar acmhainn iontach do scoileanna. Cé go bhfuil sé dírithe go príomha ar dhaltaí meánscoile, is cinnte go mbeidh suim ag aoisghrúpa níos leithne ann, go háirithe leis an méadú atá tagtha ar an suim a bhíonn ag daoine sa ghinealas sa bhaile agus thar lear.

“Nuair a spreagtar daltaí chun stair a dteaghlaigh a fhiosrú, tugtar tuiscint níos fearr dóibh ar na himeachtaí millteanacha a bhí ag tarlú sa tír seo céad bliain ó shin. Is féidir linn anois teacht ar thaifid ó na coimhlintí móra atá mar chuid de Dheich mbliana na gCuimhneachán, amhail an Chéad Chogadh Domhanda agus Éirí Amach na Cásca 1916. Tá súil agam go bhfeidhmeoidh an suíomh gréasáin nua seo mar uirlis luachmhar chun cuidiú le daltaí ceangal arís leis an am atá caite.”

Dúirt John McDonagh, Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta:

“Tá an suíomh gréasáin seo dírithe go príomha ar dhaltaí dara leibhéil, ach beidh sé úsáideach freisin don phobal i gcoitinne, a gceapann mórán díobh gur rud scáfar agus deacair é an taighde teaghlaigh. Le cúnamh ó suíomh seo, ba cheart go mbeadh formhór daoine in ann taifid a théann siar chomh fada le tús an 19ú haois a chuardach. Ar an suíomh seo tá cás-staidéir ar Sheán Mac Diarmada agus ar Sheán Lemass mar shamplaí ar conas taighde a dhéanamh ar stair teaghlaigh agus í a chur i gcomhthéacs, le cuntais thochtmhara ar chaidreamh Mhic Dhiarmada le Min Ryan, a thug cuairt air an oíche sular daoradh chun báis é, agus lámhach trí thimpiste deartháir óg Sheáin Lemass, Herbert, i 1916.”

Is féidir teacht ar an suíomh gréasáin anseo: https://www.irishgenealogy.ie/en/2016-family-history/welcome