Comhghairdeas á dhéanamh ag an Aire Humphreys le foireann www.irishgenealogy.ie as an duais a bronnadh orthu ag Gradaim Ríomhsheirbhísí an Rialtais as Cur Chun Cinn na hÉireann Thar Lear

An tAire Simon Harris TD, Tadhg O’Shea, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus GaeltachtaTá comhghairdeas déanta ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, leis an bhfoireann ina Roinn a dhéanann maoirsiú ar an suíomh gréasáin ginealais www.irishgenealogy.ie tar éis dóibh an Duais a bhuachan as Cur Chun Cinn na hÉireann Thar Lear ag Gradaim Ríomhsheirbhísí an Rialtais.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Heather Humphreys TD:

"Is léiriú é an gradam seo ar an obair chrua a dhéanann foireann mo Roinne, atá i ndiaidh suíomh gréasáin riachtanach a dhéanamh de www.irishgenealogy.ie do dhuine ar bith atá ag iarraidh taighde a dhéanamh ar a shinsearacht nó a sinsearacht Éireannach. Ón uair a cuireadh íomhánna an Chláir Shibhialta Stairiúil le www.irishgenealogy.ie i mí Mheán Fómhair 2016, tá níos mó ná leath mhilliún duine tar éis cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin, agus bhí beagnach dhá thrian díobh sin lasmuigh d'Éirinn.

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le foireann mo Roinne, lena n-áirítear an Chartlann Náisiúnta, as a gcuid oibre leis an rath seo a bhaint amach don suíomh gréasáin seo. Is mian liom freisin foireann na Príomh-Oifige Clárúcháin agus na Roinne Coimirce Sóisialaí a mholadh as a gcuid oibre chun na Cláir Shibhialta Stairiúla a chur ar fáil do mo Roinn lena gcur ar líne. Is sampla den scoth é seo den bhealach inar féidir torthaí an-dearfacha a bhaint amach do bhaill den phobal le comhoibriú tras-Rannach.”