Próifíl Taighde: Seán Mac Diarmada

Saol poiblí agus príobháideach: fionnachtain sna cartlanna.

An fear poiblí i 1916: tús eolais

Tugann an phlaic seo, a cuireadh suas san áit a raibh oifig Sheáin Mhic Dhiarmada lonnaithe ag Uimh. 12, Sráid D’Olier, Baile Átha Cliath
Tugann an phlaic seo, a cuireadh suas san áit a raibh oifig Sheáin Mhic Dhiarmada lonnaithe ag Uimh. 12, Sráid D’Olier, Baile Átha Cliath, aitheantas don fhear mar: rúnaí Chomhairle Mhíleata Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB); bainisteoir Irish Freedom (nuachtán Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann) agus Nationality (a bhí curtha in eagar ag Arthur Griffith); duine de shínitheoirí an Fhorógra i 1916. Cuireadh chun bháis é ar an 12 Bealtaine 1916.

Tagann a ainm i ndiaidh Tom Clarke ar an bhForógra.
Tagann a ainm i ndiaidh Tom Clarke ar an bhForógra.. Tuigtear gurb iad príomhúdair Éirí Amach na Cásca iad.

Tom Clarke, John Daly, agus Seán Mac Diarmada Grianghraf: Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Tá Tom Clarke, agus é 60 bliain d’aois, ar chúl sa ghrianghraf seo, in éineacht le John Daily, Fínín, uncail le Kathleen Clarke agus le Ned Daly (a cuireadh chun bháis i 1916 freisin), agus Seán Mac Diarmada óg, féasógach, atá ina shuí chun tosaigh. Glactha sa bhliain 1915, arna iarraidh ag Seán Mac Diarmada.

Is iad sin na gnéithe poiblí is eol do chách i ndáil le Mac Diarmada. Bíodh sin mar atá, is féidir léargas níos dlúithe a fháil anois ar shaol príobháideach an fhir ach cuntais ó bhéal, tuairiscí oifigiúla agus litreacha príobháideacha a chur faoi chaibidil.

An tÉirí Amach: ar chúl an stáitse

Aoine an Chéasta, 1916 i mBialann an Red Bank, Sráid D’Olier, Baile Átha Cliath

A bhuíochas leis an bhfianaise atá i mbailiúchán Bhiúró na Staire Míleata, .i. na ráitis finné a thug daoine a bhí ina chomhluadar, is féidir linn é a leanúint trasna na sráide óna oifig ag Uimh. 12, Sráid D’Olier agus isteach i mBialann an Red Bank ag Uimh. 19 – 20, áit a raibh roinnt de na daoine a bhí i láthair ar an oíche chinniúnach sin ag ullmhú na bpleananna don tseachtain a bhí amach rompu.

Sa sliocht thíos, déanann Diarmuid Lynch cur síos ar an tráth ríthábhachtach ar thug Mac Diarmada na pleananna dó faoi na foirgnimh a bhí le gabháil ag na reibiliúnaigh agus ar thug sé an sceitse de na Ceithre Cúirteanna ar aghaidh do Ned Daly:

Ráiteas Diarmuid Lynch: WS 4, lch. 25, pár.2
Ráiteas Diarmuid Lynch: WS 4, lch. 25, pár.2

  • Rinne Diarmuid Lynch, as Corcaigh, seirbhís i ngarastún Ard-Oifig an Phoist. Gearradh pionós an bháis air, ach laghdaíodh é sin go dtí 10 mbliana pianseirbhíse de bharr go raibh saoránacht Mheiriceánach aige.
  • Bhí Ned (Edward) Daly, as Luimneach, ar dhuine den gharastún a ghabh seilbh ar na Ceithre Cúirteanna ar Luan Cásca. Cuireadh chun bháis é ar an 4 Bealtaine i gCill Mhaighneann.
  • Ba é Piaras Béaslaí, as Learpholl, an leascheannasaí faoi Ned Daly sna Ceithre Cúirteanna. Gearradh cúig bliana pianseirbhíse air.

Déanann James Ryan cur síos ar iarratas Mhic Dhiarmada an tráthnóna sin le hordú rúnda a thabhairt chomh fada le Tomás Mac Curtain, duine de cheannairí na nÓglach i gCorcaigh.

Ráiteas James Ryan: WS 70, lch1, pár.1
Ráiteas James Ryan: WS 70, lch1, pár.1

  • Rinne James Ryan, as Loch Garman, seirbhís mar oifigeach leighis in Ard-Oifig an Phoist.

Éiríonn le Min Ryan (Mary Josephine Mulcahy) an teannas agus an rúndacht a bhí le brath sa seomra bia sin an tráthnóna sin a chur i bhfocal:

Ráiteas Mary Josephine Mulcahy: WS 399, lch. 7, pár. 2
Ráiteas Mary Josephine Mulcahy: WS 399, lch. 7, pár. 2

  • Min Ryan (Mary Josephine Mulcahy), as Loch Garman, deirfiúr le James Ryan. Rinne sí seirbhís in Ard-Oifig an Phoist agus d’iompair sí teachtaireachtaí isteach san fhoirgneamh agus amach as do Mhac Piarais agus Ó Rathaille.
  • Gearóid O’Sullivan, as Corcaigh Tá sé curtha síos dó gurb é a chuir an bhratach in airde ar Ard-Oifig an Phoist. Rinneadh é a imtheorannú i bhFrongoch, an Bhreatain Bheag.

Saol sóisialta Mhic Dhiarmada: léargas nua

Más rud é gurbh í Sráid D’Olier croílár a shaoil polaitíochta, tugann na ráitis finné léargas ar a shaol sóisialta chomh maith.

Thart ar Shráid Grafton

Ó oifigí na nÓglach ag Uimh. 2, Sráid Dhásain, bhuaileadh sé isteach sa Bailey ar Shráid an Diúic le toit, deoch agus comhrá a bheith aige in éineacht le cairde a raibh an dearcadh céanna acu, leithéidí Jack Morrow, an t-ealaíontóir, nó Piaras Béaslaí, an t-iriseoir. Chasadh deirfiúracha Ryan air in Bewleys le haghaidh caife beagnach gach uile lá.

Raghnallach

Is minic a thugadh sé cuairt ar Theach Ryan, ag 19 Bóthar Raghnallach. Léachtóir sa Fhraincis i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath a bhí in Mary Kate (Kit) Ryan, agus theagascadh Min ranganna oíche sa Fhraincis agus sa Ghearmáinis i gColáiste Tráchtála Ráth Maonais (tá beathaisnéisí iomlána le fáil sa leagan ar líne de Foclóir na mBeathaisnéisí Éireannacha).

Bhí an bheirt deirfiúracha páirteach i ngluaiseacht Shinn Féin agus bhí ina mball de ghrúpaí radacacha eile, leis.

Is anseo in Uimh. 19 a thagadh idir mhic léinn, léachtóirí, iriseoirí, scríbhneoirí agus ghníomhaígh pholaitíochta le chéile ar oíche Domhnaigh. De réir Min, bhí an rud ar fad éadrom go leor: comhluadar maith, amhránaíocht agus aithris dánta tírghrácha. Bhíodh an bord lán le tae agus borróga ó thús deireadh na hoíche.

Bhí an Moinsíneoir Pádraig de Brún, Ollamh leis an Matamaitic i Maigh Nuad ar dhuine de na cuairteoirí sin, duine a bhí den tuairim go raibh ‘go leor léite ag Mac Diarmada, go háirithe ó thaobh na staire de, agus cur amach réasúnta maith aige ar an nGaeilge’.

Plaic ar Shráid Anraí, a dhéanann comóradh ar shíniú an Fhorógra.

Sráid Anraí

Le linn na seachtaine, ba ghnách leis an t-achar gairid a shiúl ó Shráid D’Olier, suas Sráid Sackville (Sráid Uí Chonaill), thar Ard-Oifig an Phoist, go dtí Sráid Anraí, áit a raibh bialann darbh ainm The Irish Farm Produce Company suite ag Uimh. 21.

Faoi úinéireacht Jennie Wyse Power, (náisiúnaí, agus ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na mBan) agus a fir chéile, John, bhí aithne fhorleathan ar an mbialann mar ionad cruinnithe do Arthur Griffith agus príomhbhaill eile de chuid Shinn Féin. De réir Nancy Wyse Power (iníon le Jennie), bhíodh Mac Diarmada ‘ann i gcónaí’. Luaigh sí freisin gur síníodh an Forógra i seomra príobháideach thuas staighre, tráthnóna Dé Céadaoin, an 19 Aibreán.

Uimh. 5, Sráid na Mainistreach Íochtarach

Ba leis an mBardasach John Davin Tábhairne agus Óstán an Ship. Rinne Michael Noyk cur síos air mar ‘náisiúnaí maith’ agus luaigh go raibh an tábhairne ‘ina ionad cruinnithe do scarúnaithe Éireannacha de gach uile shórt’.

Théadh Mac Diarmada chuige go rialta le haghaidh lóin agus chonacthas ann tráthnóna Shatharn Cásca é. Ina ráiteas, luaigh Noyk go ndeachaigh sé isteach sa teach ósta an oíche sin agus go raibh ‘atmaisféar neamhghnách’ le brath san áit. ‘Bhí na fir ar fad a bhíodh san áit go rialta, arbh ghnách leo bheith ag magadh agus ag gáire, ag cur agus ag cúiteamh go dáiríre’.

Grianghraf stiúideo de Mhac Diarmada
Seomraí Lóin DBC i mí na Bealtaine 1916 tar éis a scriosta

Grianghraif: Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Saintréithe agus taithí phearsanta

Deirtear go raibh sé bríomhar, lúthchleasach agus láidir nuair a bhí sé óg, agus gur thaistil sé ó cheann ceann na tíre, gan stad, gan staonadh, mar eagraí de chuid Shinn Féin. Tháinig athrú ó bhonn air sin i bhfómhar na bliana 1911, tráth ar tháinig cineál póilió air, rud ar chaill sé lúth a choise clé dá bharr agus a d’fhág tinnis eile ann chomh maith. Nuair a d’fhág sé an t-ospidéal ceithre mhí ina dhiaidh sin, dúradh nach raibh daoine in ann é a aithint fiú amháin. Ní raibh sé in ann siúl gan an maide siúil a bheith aige ón uair sin ar aghaidh.

Ina ainneoin sin, rinneadh cur síos air i ráitis finné mar dhuine a mbíodh ‘spionn maith air i gcónaí’, duine a bhí ‘gealchroíoch’, ‘sóisialta’ agus ‘cairdiúil’, agus duine ‘ar mhaith leis scéalta grinn’. Dúirt idir fhir agus mhná go raibh sé ‘geanúil’, ‘dathúil’, agus thug suntas ar leith dá ‘shúile cineálta’ agus dá ‘mheangadh gáire leathan’. Dúirt roinnt acu go raibh sé cosúil le Mícheál Ó Coileáin sa chaoi a dtéadh a chuid díograise i bhfeidhm ar dhaoine.

Seomraí Lóin agus Tae DBC, Sráid Sackville

Thug Bob Brennan, as Loch Garman, pictiúr soiléir de chruinniú a bhí aige leis i mbialann eile, Seomraí Lóin DBC, 5 – 6 Sráid Sackville (Sráid Uí Chonaill), a bhí suite ar an gcoirnéal le Sráid na Mainistreach. Áit eile ab ea é seo ar tháinig deirfiúracha Ryan agus náisiúnaithe óga eile, amhail Seán Tomás Ó Ceallaigh agus Mac Diarmada, le chéile.

Ráiteas Robert Brennan: WS 779, lch. 23, pár. 2
Ráiteas Robert Brennan: WS 779, lch. 23, pár. 2

‘Dialann’ oifigiúil: Póilíní Chathair Átha Cliath (DMP), (Comhaid maidir le Gluaiseacht Antoisceach)

Choinnigh aonad bleachtaireachta Phóilíní Chathair Átha Cliath dialann laethúil de shaghas eile, inar choinnigh siad súil ghéar ar theacht agus imeacht ‘John McDermott’ (d’úsáid siad an leagan Béarla dá ainm) agus na ndaoine eile a bhí ‘faoi amhras’ mar a rinne siad a ngnó, m.sh.

An 23 Nollaig 1915 ‘With Thomas J Clarke at his shop in 75a Parnell Street... Joseph Murray, John McDermott and John McGarry for half an hour, between 8-9 p.m’.
[bhí idir Murray agus McGarry ina mball de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann, a rinne seirbhís in Ard-Oifig an Phoist ina dhiaidh sin]
An 24 Nollaig 1915 ‘Thomas J Clarke and John Mc Dermott left Kingsbridge Station by 6.15 train en route to Limerick. RIC informed...’

Tom Clarke seen outside his shop at 75a Parnell Street

Grianghraf: Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Mac Diarmada home in Leitrim

Íomhá: www.myonlinemuseum.org

Cuid 1: Sóisialta agus pearsanta – na luathbhlianta

Tugann na foirmeacha daonáirimh ó 1901 agus ó 1911 léargas dúinn ar na sonraí agus na nithe a chuaigh i bhfeidhm air agus é ag teacht in inmhe i dtreo an fhir a fheicimid sa bhliain 1916.

D’fhás Mac Diarmada aníos i dteach a bhí an-chosúil le tithe na ndaoine eile a raibh cónraí orthu i mbaile fearainn Bharr na Leachtaí. De réir na bhfoirmeacha daonáirimh, bhí siad go léir ina bhfeirmeoirí agus an-chuid díobh anonn go maith sna blianta. Ba é teaghlach Mhic Dhiarmada an teaghlach ba mhó agus ab óige.

Daonáireamh 1901, Barr na Leachtaí, Liatroim

Íomhá: Cartlann Náisiúnta na hÉireann, Daonáireamh na hÉireann, 1901

Foinse 1

Daonáireamh 1901, Barr na Leachtaí, Liatroim. Breathnaigh air.

De réir an Daonáirimh, bhí muintir Mhic Dhiarmada ina gcónaí i dTeach Uimh. 1 i mbaile fearainn Bharr na Leachtaí, atá suite i dtoghroinn cheantair Ghleann Fearna, Co. Liatroma.

  • Cén teanga a úsáideadh leis an bhfoirm a chomhlánú?
  • Cén leagan dá ainm (Mac Diarmada) a úsáideadh ar an bhfoirm?
  • Cén tslí bheatha a bhí ag a athair?
  • Cé mhéad buachaillí agus cailíní a bhí sa teaghlach?
  • Cén t-eolas a tugadh maidir le gach aon duine sa cholún maidir le teanga, dar teideal Irish language?
Daonáireamh 1911, Barr na Leachtaí, Liatroim

Íomhá: Cartlann Náisiúnta na hÉireann, Daonáireamh na hÉireann, 1911

Foinse 2

Daonáireamh 1911, Barr na Leachtaí, Liatroim. Breathnaigh air.

De réir an Daonáirimh seo, tá an teaghlach fós ina gcónaí anseo, ach tabhair faoi deara na hathruithe éagsúla a thit amach le deich mbliana anuas. Úsáid an bhileog oibre.

  • Cé mhéad daoine atá imithe ón teach anois?
  • Cé atá ina gcónaí ann anois?
  • Cén teanga a úsáideadh leis an bhfoirm a chomhlánú?
  • Cén t-eolas a tugadh maidir le gach aon duine sa cholún maidir le teanga, dar teideal Irish language?
  • Cén chaoi a bhfuil sé sin difriúil leis an daonáireamh roimhe?
Daonáireamh 1911, 15 Plás an Ruiséalaigh, Baile Átha Cliath

Íomhá: Cartlann Náisiúnta na hÉireann, Daonáireamh na hÉireann, 1911

Foinse 3

Daonáireamh 1911, 15 Plás an Ruiséalaigh, Baile Átha Cliath. Breathnaigh air.

Faoin mbliain 1911, bhí Mac Diarmada, 26 bliain d’aois, ina chónaí i bPlás an Ruiséalaigh, Baile Átha Cliath. Bhí athrú ollmhór tagtha ar a shaol. Bhí sé páirteach i roinnt mhaith eagraíochtaí tábhachtacha, idir chultúrtha agus pholaitiúil.
Cuir an tuairisceán daonáirimh i ndáil leis an teach lóistín faoi chaibidil agus freagair na ceisteanna seo a leanas:

  • Cén teanga a d’úsáid sé agus na lóistéirí eile leis an bhfoirm a chomhlánú?
  • I gcolún 4, luaigh sé ‘Náisiúntacht na hÉireann’ mar an creideamh a bhí aige. Cén chaoi a ndearna an t-áiritheoir aistriúchán air sin?
  • I gcolún 9, stádas pósta, luaigh sé go raibh sé ‘aonta, ach ní fada a bheidh’.
  • I gcolún 15, faoi ‘infirmity’, luaigh sé go raibh sé ‘croí briste’ – ‘m’aontacht’.

Foinse 4

Lá an Daonáirimh, an 2 Aibreán, 1911.

Chabhraigh Póilíní Chathair Átha Cliath (DMP) mar áiritheoirí i mBaile Átha Cliath. I measc na dtascanna a bhí acu bhí scaipeadh, comhthiomsú agus bailiú na bhfoirmeacha.
Léigh cuntas ar Bhaile Átha Cliath ar an 2 Aibreán.