Réadmhaoin

Réadmhaoin

Dá dtiocfadh na tuairisceáin ó na daonáirimh sa 19ú haois slán, ba chuma le haon duine sa sioc faoi thaifid réadmhaoine. Faoi mar atá an scéal faoi láthair, áfach, is iad na haon liostaí atá againn, atá (beagnach) cuimsitheach, ar cá raibh cónaí ar dhaoine in Éirinn sular cuireadh tús leis an gclárúchán sibhialta sa bhliain 1864.

Teach Pháirc na Mara, Mullach Íde, 1880-1900

Grianghraf: Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Cá bhfuil siad?

Tá dhá chineál taifead ann, atá an-éagsúil óna chéile. Is iad sin Leabhar Cheaproinnt na nDeachúna (1823 go dtí 1838), agus Luacháil Uí Ghríofa (1847 go dtí 1864), agus bhí an dá cheann acu beartaithe le cáin a bhailiú.

Cad a taifeadadh agus cathain

Iarracht le suirbhéireacht a dhéanamh ar réadmhaoin talmhaíochta paróiste ar pharóiste ar fud fad na hÉireann ba chúis le Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna, chun measúnú a dhéanamh ar an gcáin ('deachú') ab iníoctha ar tháirgí talmhaíochta le cléir áitiúil Eaglais na hÉireann. Mar gheall gurbh í Eaglais na hÉireann an eaglais stáit, bhí ar gach duine an deachú a íoc, daoine nach raibh ina mball den Eaglais sin ina measc. Tarraingíodh sé sin go leor leor conspóide agus dhiúltaigh roinnt mhaith daoine iad a íoc, rud a spreag 'Cogadh na nDeachúna' sna 1820í agus 1830í i gCúige Mumhan agus i ndeisceart Laighean.

Ós rud é go raibh i gceist leo measúnú a dhéanamh ar tháirgiúlacht talmhaíochta, níl na Leabhair cuimsitheach ná baol air de bharr nach bhfuil na limistéir uirbeacha san áireamh iontu ar chor ar bith. Ach bhí cuid mhaith den daonra ina gcónaí faoi tuath, agus tá taifead sna leabhair ar na daoine ba bhoichte dá raibh ann, a sheas na deachúna ba mheasa. Agus níl ach na leabhair sin againn, i ndáiríre.

Tá Luacháil Uí Ghríofa i bhfad níos cuimsithí. Iarracht a bhí inti le luacháil a dhéanamh ar gach réadmhaoin thógtha agus talmhaíochta in Éirinn le cáin réadmhaoine a ghearradh. Roimh a curtha i dtoll a chéile, rinneadh na logainmneacha a chaighdeánú i mBéarla, thug an tSuirbhéireacht Ordanáis faoi léarscáiliú mionsonraithe agus cuireadh líonra foirne luachála áitiúla ar bun leis an suirbhé a dhéanamh.

Foilsíodh na torthaí idir 1847 agus 1864 – foilsíodh na contaetha i gCúige Mumhan ar dtús agus iad siúd i gCúige Uladh ar deireadh.

lightbulb hints
Is é an t-aon riail docht daingean atá ann i saol na staire teaghlaigh go gcaithfear tosú amach lena bhfuil ar eolas agat cheana féin, agus leas a bhaint as an méid sin le tuilleadh eolais a fháil. Tá sé beagnach dodhéanta teaghlach stairiúil a chur faoi chaibidil d’fhonn a fháil amach cén nasc atá agat leo. Ina ionad sin, bí i do bhleachtaire, agus déan plé le gach uile phíosa faisnéise mar phíosa fianaise féideartha. Ansin úsáid an fhaisnéis sin le teacht ar a thuilleadh faisnéise, a fhéadfaidh tú a úsáid le bonn eolais a chur faoina thuilleadh taighde.

Taighde a dhéanamh ar na taifid ar líne

Tá Leabhair na nDeachúna i dtaobh na 26 contae atá i bPoblacht na hÉireann ar fáil saor in aisce ar líne ar láithreán gréasáin ginealais Chartlann Náisiúnta na hÉireann. Is féidir iad a bhrabhsáil de réir contae agus ansin, tar éis duit dul isteach i gcontae, de réir paróiste sibhialta agus baile fearainn. Is féidir leat cuardach de réir ainm, paróiste agus contae: ná déan dearmad nach gceadaítear leaganacha éagsúla a úsáid, díreach cosúil le cuardach na ndaonáireamh. D’fhéadfadh sé go raibh litriú bunaidh roinnt mhaith ainmneacha pearsanta agus logainmneacha an-solúbtha ar fad, agus tá roinnt mhaith tras-scríbhinní míchearta ina measc chomh maith. Beidh ort roinnt mhaith saoróg a úsáid.

Tá Luacháil Uí Ghríofa d’oileán iomlán na hÉireann ar fáil saor in aisce ar líne ag www.askaboutireland.ie/griffith-valuation/. Is féidir leat cuardach de réir ainm pearsanta nó logainm. Ní cheadaítear aon leaganacha malartacha i gceachtar den dá chás, ní cheadaítear aon saoróga agus ní féidir í a bhrabhsáil ach oiread. Ina theannta sin, téann an cuardach le haghaidh ainm pearsanta trí na hainmneacha uile i ngach uile thaifead, is cuma cibé acu is tiarnaí talún, fo-léasóirí nó tionóntaí iad. Más sa tóir ar ainm coitianta atá tú, d’fhéadfadh sé sin a bheith an-útamálach ar fad.

Le brabhsáil de réir logainm, is féidir leat cliceáil isteach sa taifead ábhartha go díreach ó liosta áiteanna an pharóiste, atá le fáil ag www.johngrenham.com/places/.