Modúil: Leideanna agus comhairle

Roimh duit tosú ar na modúil, seo a leanas roinnt leideanna agus comhairle shimplí a chabhróidh leat agus tú i mbun an taighde.

Roimh duit dul chuig na taifid

Labhair le daoine muinteartha. Ní luíonn sé le ciall mórán laethanta crua a chaitheamh ag póirseáil trí láithreáin ghréasáin le teacht ar ainm do shin-seanmháthar más rud é go bhfuil sé ar eolas ag duine de do mhuintir cheana féin. Mar sin, bíodh comhrá agat le tuismitheoirí, le haintíní, le huncailí, le col ceathracha agus le seantuismitheoirí lena bhfuil ar eolas acu a fháil amach. Is iondúil go mbíonn duine amháin ar a laghad i ngach clann a choinníonn súil ar líonra na ngaolta, agus más féidir leat í a aimsiú (óir is bean í i bhformhór na gcásanna), beidh tús maith curtha le do thionscadal agat.

Sloinnte agus ainmneacha

Ná leag an iomarca béime ar litriú beacht aon sloinnte a mbeidh tú ag plé leo. Cé go bhfuil tábhacht ag baint leis an litriú dúinn anois, is minic a litríodh ainmneacha ar go leor bealaí éagsúla i dtaifid dhifriúla - bhí an neamhlitearthacht an-choitianta sa phobal, ba í an Ghaeilge teanga dhúchais roinnt mhaith daoine, agus bhí rudaí ní ba thábhachtaí le déanamh ag an gcuid ba mhó de dhaoine.

Déan taifead ar gach uile rud

Seans go dtiocfaidh méadú ar an méid eolais a mbeidh tú ag plé leis go han-ghasta ar fad, go háirithe ag tús an tionscadail. Is smaoineamh maith é dá bharr sin cinneadh a dhéanamh i dtosach báire cén chaoi a ndéanfaidh tú an t-eolas a stóráil le go mbeidh sé éasca duit teacht ar rudaí go sciobtha amach anseo. Is iondúil go ndéanann daoine plé lena dtionscadal staire teaghlaigh nuair a bhíonn an t-am acu chuige, agus dá laghad an t-am a chaitheann tú ag lorg ruda atá a fhios agat a scríobh tú síos áit éigin is ea is éasca a bheidh sé. Ní bheadh rud ar bith cearr le bosca bróg ina gcuirfí cártaí innéacs in ord aibítreach i dtaca le gach duine aonair. Dhéanfadh ceanglán leathanach scaoilte an chúis chomh maith. Mar mhalairt ar na roghanna sin, is ann do roinnt pacáistí bogearraí agus láithreán gréasáin, nach bhfuil costasach, a chuirfeadh ar do chumas faisnéis chasta teaghlaigh a stóráil agus a aisghabháil.

Tosaigh amach lena bhfuil ar eolas agat cheana féin

Is é an t-aon riail docht daingean atá ann i saol na staire teaghlaigh go gcaithfear tosú amach lena bhfuil ar eolas agat cheana féin, agus leas a bhaint as an méid sin le tuilleadh eolais a fháil. Tá sé beagnach dodhéanta teaghlach stairiúil a chur faoi chaibidil d’fhonn a fháil amach cén nasc atá agat leo. Ina ionad sin, bí i do bhleachtaire, agus déan plé le gach uile phíosa faisnéise mar phíosa fianaise féideartha. Ansin úsáid an fhaisnéis sin le teacht ar a thuilleadh faisnéise, a fhéadfaidh tú a úsáid le bonn eolais a chur faoina thuilleadh taighde.

Faigh cabhair

Faigh roinnt eolais ar chúlra shloinnte do mhuintire agus caith súil ar chuid de na treoracha bunúsacha maidir le stair theaghlaigh a rianú. Taispeánfaidh an Catalóg ar Líne don Phobal atá ag do leabharlann an t-ábhar bainteach atá ar fáil i leabharlanna poiblí. Tá a gcatalóga féin curtha ar fáil ar líne ag an gcuid is mó de leabharlanna contae anois, leis. Cuireann an Leabharlann Náisiúnta agus an Chartlann Náisiúnta seirbhísí comhairleacha ginealaigh siúil isteach ar fáil, áit ar féidir leat comhairle phearsanta a fháil ar thaifid agus ar thaighde. Tá treoirleabhair mhionsonraithe le cabhrú leat dul i mbun taighde den chéad uair le fáil ar láithreán John Grenham Irish Ancestors agus ar láithreán Seán Murphy Directory of Irish Genealogy.

Cad a aimseoidh tú?

Ní mar a chéile aon dhá stair theaghlaigh, rud a fhágann nach féidir leat bheith cinnte cad a aimseoidh tú sula dtéann tú i mbun taighde. Bíodh sin mar atá, is iondúil nach mbeifeá in ann dul níos faide siar ná dáta tosaigh na gclár paróiste cuí. Cuireadh tús leis na taifid i dtreo dheireadh an 18ú haois i mBaile Átha Cliath agus roinnt de na ceantair shaibhre in oirthear na tíre, ach níor cuireadh tús lena leithéid go dtí na 1840í nó na 1850í i roinnt mhaith áiteanna san iarthar.

7 Modúl