• Welcome to Family Research 2016

    2016 Family History home2016 Family History is a new, free Irish genealogy education website, brought to you by the National Archives and IrishGenealogy.ie. The site is aimed primarily at secondary school students, but can be used by anyone with Irish ancestors to learn how to use the multiplicity of online sources now available for family history.

  • Comhghairdeas á dhéanamh ag an Aire Humphreys le foireann www.irishgenealogy.ie as an duais a bronnadh orthu ag Gradaim Ríomhsheirbhísí an Rialtais as Cur Chun Cinn na hÉireann Thar Lear

    An tAire Simon Harris TD, Tadhg O’Shea, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus GaeltachtaTá comhghairdeas déanta ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, leis an bhfoireann ina Roinn a dhéanann maoirsiú ar an suíomh gréasáin ginealais www.irishgenealogy.ie tar éis dóibh an Duais a bhuachan as Cur Chun Cinn na hÉireann Thar Lear ag Gradaim Ríomhsheirbhísí an Rialtais.

  • Fógra maidir le ríomhphoist fhioscaireachta

    Phishing warningTá sé tugtha faoi deara ag www.irishgenealogy.ie le cúpla lá anuas go bhfuil ríomhphost fioscaireachta á scaipeadh atá in ainm a bheith ag teacht ón suíomh gréasáin sin. Is é atá i líne an ábhair sa ríomhphost ná "Subscription For Research Service (Payment confirmed)".

    Is ionann é sin agus ríomhphost fioscaireachta agus ba chóir é a bhacadh/a scrios má fhaightear é. Ná tabhair freagra ar an ríomhphost agus ná hoscail aon naisc atá ceangailte leis. Ní suíomh gréasáin síntiúis é www.irishgenealogy.ie agus ní gá d’úsáideoirí clárú lena úsáid.

    Go raibh maith agat.

  • Seolann an tAire Humphreys tacar ginealais ar líne do scoileanna chun cuidiú le daltaí stair a dteaghlaigh a aimsiú

    Seolann an tAire Humphreys tacar ginealais ar líne do scoileanna chun cuidiú le daltaí stair a dteaghlaigh a aimsiú Tá an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., ag seoladh tacar nua ginealais ar líne do scoileanna inniu agus é mar aidhm leis daltaí a spreagadh chun a bhfréamhacha a scrúdú agus breathnú ar a gcrann ginealaigh.

    Tá an suíomh gréasáin ‘2016 Family History’ cruthaithe ag an gCartlann Náisiúnta mar thionscadal iarmhartach de chuid Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. Chas an tAire Humphreys le daltaí as Coláiste Mhucrois, Domhnach Broc, a bhí ag baint triail as an suíomh gréasáin, chun an acmhainn nua ar líne seo a sheoladh.

  • Taifid Shibhialta Stairiúla le feiceáil anois ar www.irishgenealogy.ie:

    historic civil recordsInniu, sheol Heather Humphreys T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Leo Varadkar T.D., an tAire Coimirce Sóisialaí, na taifid stairiúla de Bhreitheanna os cionn 100 bliain ó shin, Póstaí os cionn 75 bliain ó shin agus Básanna os cionn leathchéad bliain ó shin ón bPríomh-Oifig Clárúcháin.

    Tá tuilleadh sonraí ar na taifid atá ar fáil anois anseo.

  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5

Daonáireamh

Daonáireamh

An Daonáireamh

Cuid riachtanach den rialtas is ea an daonáireamh. Gan faisnéis chruinn a bheith agat ar cá mhéad daoine atá ann, cá háit a bhfuil cónaí orthu agus cén aois iad, ní féidir seirbhísí sláinte, iompar poiblí, cánachas ná roinnt mhaith gnéithe eile de shochaí eagraithe a phleanáil.

Reáchtáladh na chéad daonáirimh a bhfuil eolas orthu sa tSean-Bhablóin beagnach 6,000 bliain ó shin. D’eagraigh na Sean-Éigiptigh, na Sean-Gréagaigh, na Sean-Indiaigh, na hIosraeilítigh, na Sean-Sínigh agus na Sean-Rómhánaigh iad chomh maith. I ngach uile chás, bhí dlúthbhaint acu le cúrsaí cánachais agus le seirbhísí poiblí.

Thosaigh an cineál daonáirimh atá againn na laethanta seo, atá bunaithe ar phrionsabail eolaíocha, staitistiúla, agus ar i bhfad níos mó ná uimhreacha agus áiteanna amháin a thaifeadadh, ag deireanach an 18ú haois agus bhí sé bunaithe agus seanbhunaithe mar chuid riachtanach den riarachán poiblí faoi lár an 19ú haois. Is é an gnáthchleachtas, atá fós molta ag na Náisiúin Aontaithe, ná go ndéanfaí daonáireamh a reáchtáil gach 10 mbliana.

Gan trácht ar an bhfaisnéis a chuireann sealbhóirí tí isteach ar fhoirmeacha daonáirimh, tugann na ceisteanna a chuirtear léargas maith ar na rudaí b’údar imní don rialtas a chuir i dtoll a chéile iad. Mar shampla, i ndaonáirimh idir 1800 agus 1860 sna Stáit Aontaithe, iarradh a lán sonraí faoi líon na sclábhaithe i ngach uile theach. Ón mbliain 1870 ar aghaidh, tar éis deireadh a chur leis an sclábhaíocht, cuireadh ceisteanna maidir le ‘dath’ in ionad na gceisteanna sin. Ón mbliain 1880, tráth a raibh an oll-inimirce i mbéal an phobail, iarradh áit bhreithe athair agus mháthair gach duine aonair.

In Éirinn tá ceist curtha mar gheall ar chreideamh ar gach uile dhaonáireamh ó bhí an bhliain 1831 ann. Ní mar an gcéanna a bhíonn daonáirimh i Sasana, in Albain, sa Bhreatain Bheag, i gCeanada ná sna Stáit Aontaithe, áfach, áiteanna nach gcuirtear a leithéid de cheist go stairiúil. Tá ceist an chreidimh, go sonrach cá mhéad Caitliceach Rómhánach agus Protastúnach a bhí ann, ina ceist ríthábhachtach do roinnt mhaith rialtas Éireannach leis na blianta.

Seomra stórais na gcartlann

Cén fáth ar gá daonáirimh a reáchtáil in Éirinn?

Tháinig Éire ina cuid den Ríocht Aontaithe tar éis Acht an Aontais, 1800. Roimhe sin ní raibh an riarachán poiblí in Éirinn córasach ná baol air. Tar éis 1800, thug na boic mhóra i Londain faoi deara go raibh siad i gceannas ar áit nach raibh mórán ar eolas acu fúithi. Is dá bharr sin a rinneadh iarracht i ndiaidh iarrachta sa chéad leath den 19ú haois Éire a thomhas agus a thaifeadadh ar bhealach nár tharla riamh roimhe.

Reáchtáladh céad fhíordhaonáireamh na Ríochta Aontaithe nua in Éirinn sa bhliain 1821. Cuntaiseadh líon na ndaoine a bhí i Sasana agus sa Bhreatain Bheag ní ba luaithe ná sin, ach ba é an daonáireamh sin an chéad daonáireamh a rinneadh ar bhealach nua-aimseartha sa chaoi a ndearnadh taifead ar ghaolta, ar shlite beatha agus ar sheoltaí. Is é an fhírinne go raibh sé lochtach — íocadh na háiritheoirí as líon na dtuairisceán a tháirg siad, rud a spreag siad chun daoine a chumadh — ach cuireadh i gcrích don oileán ar fad é ar aon chuma.

Reáchtáladh daonáirimh gach 10 mbliana dá éis sin agus d’éirigh siad ní ba mionsonraithe agus ní ba chuimsithí de réir mar a tháinig feabhas ar chumas an riaracháin phoiblí Victeoiriaigh agus mar a leathadh amach ar fud fad na hÉireann é.

lightbulb hints
Ná leag an iomarca béime ar litriú beacht aon sloinnte a mbeidh tú ag plé leo. Cé go bhfuil tábhacht ag baint leis an litriú dúinn anois, is minic a litríodh ainmneacha ar go leor bealaí éagsúla i dtaifid dhifriúla - bhí an neamhlitearthacht an-choitianta sa phobal, ba í an Ghaeilge teanga dhúchais roinnt mhaith daoine, agus bhí rudaí ní ba thábhachtaí le déanamh ag an gcuid ba mhó de dhaoine.

Cad a tharla do thuairisceáin Dhaonáireamh na hÉireann?

Faoin mbliain 1914, rinneadh 10 ndaonáireamh iomlána in Éirinn. Scriosadh na tuairisceáin ó na daonáirimh in 1861 agus in 1871 go gairid tar éis na ndaonáireamh féin, ach bhí tuairisceáin ó 8 ndaonáireamh iomlána fós ann. Bogadh na tuairisceáin ón gcéad cheithre cinn chuig Oifig na dTaifead Poiblí, agus bhí na cinn eile fós i seilbh Oifig an Ard-Chláraitheora, arbh é an comhlacht é a bhí freagrach as na daonáirimh i ndiaidh na bliana 1851.

Ansin thit an tóin as an saol orthu. Ar an gcéad dul síos, ag am éigin le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, thug an tArd-Chláraitheoir ordú go ndéanfaí na tuairisceáin ón mbliain 1881 agus 1891 a scriosadh. Ní fios go fóill cén fáth ar tugadh an t-ordú sin.

Ar an dara dul síos, i mí an Mheithimh 1922, leagadh Oifig na dTaifead Poiblí i mBaile Átha Cliath go talamh sa tuargaint a chuir tús leis an gCogadh Cathartha agus scriosadh gach uile ní a bhí á stóráil ina Seomra Daingean, gach rud ó na ceithre dhaonáireamh ba luaithe ina measc.

Is iad an dá dhaonáireamh a tháinig slán ina n-iomláine ná 1901 agus 1911. Níl ach píosaí beaga fágtha ó na daonáirimh eile – agus níl na píosaí sin againn ach amháin toisc go raibh siad á n-athcheangal, á n-úsáid sa Seomra Léitheoireachta, agus nach raibh siad curtha ar ais ar na seilfeanna go fóill tráth ar tharla an tuargaint.

Tá na tuairisceáin uile a tháinig slán ó na daonáirimh roimh 1922 scanta anois, agus is féidir iad ar fad a chuardach saor in aisce ar láithreán gréasáin Chartlann Náisiúnta na hÉireann, census.nationalarchives.ie

Logainmneacha

Logainmneacha

Logainmneacha

Tá dílseacht do d’áit dúchais níos láidre in Éirinn ná mar is gnách. Téann stair na dílseachta sin siar na mílte bliain, rud atá léirithe sa mhéid ollmhór seanchais atá ann a bhaineann le logainmneacha. Tugtar Dinnseanchas ar an gcineál seanchais sin, a mhíníonn cén chaoi a bhfuair bailte fearainn agus paróistí a n-ainm.

Tá cuid mhaith den seanchas sin le fáil ar líne anois ag www.logainm.ie.

Tá seoltaí tuaithe fós bunaithe ar bhailte fearainn, a bhfuil níos mó ná 60,000 díobh ann, agus ní ann dóibh in aon áit eile seachas Éirinn. Is cosúil go raibh córais chosúla logainmneacha ann in áiteanna eile san Eoraip le linn na Meánaoiseanna agus roimhe sin, ach níl siad fágtha ach in Éirinn anois.

Go deimhin, tá tábhacht nach beag ag baint le logainmneacha ó thaobh na staire teaghlaigh de - ní mór duit a fháil amach cén áit a raibh cónaí ar dhaoine le teacht ar na taifid fhiúntacha a bhaineann leo, rud a fhágann gur tábhachtach an rud é sainaithint a dhéanamh ar an áit cheart. Bíonn sé sách deacair amhlaidh a dhéanamh i roinnt mhaith cásanna, leis.

Cén chaoi ar fhorbair logainmneacha Éireannacha agus cén chaoi ar cuireadh as a riocht iad

Ba í an phríomhchúis leis sin ná an chaoi ar trasuíodh na logainmneacha ó Ghaeilge go Béarla. Tharla sé sin den chéad uair sa chéad tríocha bliain den 19ú haois, tar éis d’Acht an Aontais (1800) riar na hÉireann a bhogadh chuig Londain. Ba í an chéad chéim den phróiseas sin ná an tír a thomhas, próiseas ar thosaigh an tSuirbhéireacht Ordanáis air sna 1820í. Ach níorbh ann d’aon liosta córasach a luaigh cá háit a raibh áiteanna ná cén t-ainm a bhí orthu. Mar sin, ar cheann de na chéad tascanna a bhí le comhlíonadh ag an tSuirbhéireacht Ordanáis ná litriú (i mBéarla) na logainmneacha uile ar oileán na hÉireann a chaighdeánú.

Míleata

Taifid Mhíleata

Taifid Mhíleata

Is é Biúró na Staire Míleata stair bhéil na ndaoine siúd a bhí páirteach sa troid ar son na saoirse idir 1913 agus 1921.

Ráiteas Finné, Louise Gavan Duffy, 1916

Íomhá: Cartlann Náisiúnta na hÉireann

Glacadh na 1,770 ráiteas idir 1948 agus 1954. Tá san áireamh leo 35,000 leathanach clóscríofa, agus is féidir iad ar fad a chuardach ar líne anois saor in aisce. Tá thart ar 600 grianghraf agus 12 taifeadadh gutha ar fáil ar líne chomh maith, gan trácht ar an iliomad cáipéisí comhaimseartha a tugadh don Bhiúró ach nach bhfuil fáil orthu ar líne. Is féidir leat cuardach le haghaidh daoine agus áiteanna atá ar eolas agat le léargas soiléir a fháil ar a raibh ar siúl le linn na tréimhse réabhlóidí. Tá na taifid le fáil ag bureauofmilitaryhistory.ie.

Is ann do Thionscadal na bPinsean Seirbhíse Míleata le thart ar 285,000 comhad a chatalógú agus a dhigitiú a bhaineann le hiarratais ar phinsin uathu siúd a bhí gníomhach ar an taobh náisiúnach idir 1916 agus 1923. Taifid iontach mionsonraithe is ea iad ar ar thit amach ag an am, a n-éilíonn ardchaighdeán fíorúcháin ina leith, agus a bhfuil neart ábhair chúntaigh ag gabháil leo arna mbailiú ag na measúnóirí le cabhrú leo cinneadh a dhéanamh ar na hiarratais, léarscáileanna mionsonraithe de láithreacha catha san áireamh.

Eisíodh an chéad chuid de na comhaid seo in 2013 agus chuimsigh siad gach duine d’éilitheoirí 1916. Tá na comhaid inchuardaithe de réir daoine, áiteanna agus eochairfhocal. Tá na taifid le fáil ag an mBailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata.

Réadmhaoin

Réadmhaoin

Réadmhaoin

Dá dtiocfadh na tuairisceáin ó na daonáirimh sa 19ú haois slán, ba chuma le haon duine sa sioc faoi thaifid réadmhaoine. Faoi mar atá an scéal faoi láthair, áfach, is iad na haon liostaí atá againn, atá (beagnach) cuimsitheach, ar cá raibh cónaí ar dhaoine in Éirinn sular cuireadh tús leis an gclárúchán sibhialta sa bhliain 1864.

Teach Pháirc na Mara, Mullach Íde, 1880-1900

Grianghraf: Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Cá bhfuil siad?

Tá dhá chineál taifead ann, atá an-éagsúil óna chéile. Is iad sin Leabhar Cheaproinnt na nDeachúna (1823 go dtí 1838), agus Luacháil Uí Ghríofa (1847 go dtí 1864), agus bhí an dá cheann acu beartaithe le cáin a bhailiú.

Cad a taifeadadh agus cathain

Iarracht le suirbhéireacht a dhéanamh ar réadmhaoin talmhaíochta paróiste ar pharóiste ar fud fad na hÉireann ba chúis le Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna, chun measúnú a dhéanamh ar an gcáin ('deachú') ab iníoctha ar tháirgí talmhaíochta le cléir áitiúil Eaglais na hÉireann. Mar gheall gurbh í Eaglais na hÉireann an eaglais stáit, bhí ar gach duine an deachú a íoc, daoine nach raibh ina mball den Eaglais sin ina measc. Tarraingíodh sé sin go leor leor conspóide agus dhiúltaigh roinnt mhaith daoine iad a íoc, rud a spreag 'Cogadh na nDeachúna' sna 1820í agus 1830í i gCúige Mumhan agus i ndeisceart Laighean.

Ós rud é go raibh i gceist leo measúnú a dhéanamh ar tháirgiúlacht talmhaíochta, níl na Leabhair cuimsitheach ná baol air de bharr nach bhfuil na limistéir uirbeacha san áireamh iontu ar chor ar bith. Ach bhí cuid mhaith den daonra ina gcónaí faoi tuath, agus tá taifead sna leabhair ar na daoine ba bhoichte dá raibh ann, a sheas na deachúna ba mheasa. Agus níl ach na leabhair sin againn, i ndáiríre.

Tá Luacháil Uí Ghríofa i bhfad níos cuimsithí. Iarracht a bhí inti le luacháil a dhéanamh ar gach réadmhaoin thógtha agus talmhaíochta in Éirinn le cáin réadmhaoine a ghearradh. Roimh a curtha i dtoll a chéile, rinneadh na logainmneacha a chaighdeánú i mBéarla, thug an tSuirbhéireacht Ordanáis faoi léarscáiliú mionsonraithe agus cuireadh líonra foirne luachála áitiúla ar bun leis an suirbhé a dhéanamh.

Foilsíodh na torthaí idir 1847 agus 1864 – foilsíodh na contaetha i gCúige Mumhan ar dtús agus iad siúd i gCúige Uladh ar deireadh.

lightbulb hints
Is é an t-aon riail docht daingean atá ann i saol na staire teaghlaigh go gcaithfear tosú amach lena bhfuil ar eolas agat cheana féin, agus leas a bhaint as an méid sin le tuilleadh eolais a fháil. Tá sé beagnach dodhéanta teaghlach stairiúil a chur faoi chaibidil d’fhonn a fháil amach cén nasc atá agat leo. Ina ionad sin, bí i do bhleachtaire, agus déan plé le gach uile phíosa faisnéise mar phíosa fianaise féideartha. Ansin úsáid an fhaisnéis sin le teacht ar a thuilleadh faisnéise, a fhéadfaidh tú a úsáid le bonn eolais a chur faoina thuilleadh taighde.

Taighde a dhéanamh ar na taifid ar líne

Tá Leabhair na nDeachúna i dtaobh na 26 contae atá i bPoblacht na hÉireann ar fáil saor in aisce ar líne ar láithreán gréasáin ginealais Chartlann Náisiúnta na hÉireann. Is féidir iad a bhrabhsáil de réir contae agus ansin, tar éis duit dul isteach i gcontae, de réir paróiste sibhialta agus baile fearainn. Is féidir leat cuardach de réir ainm, paróiste agus contae: ná déan dearmad nach gceadaítear leaganacha éagsúla a úsáid, díreach cosúil le cuardach na ndaonáireamh. D’fhéadfadh sé go raibh litriú bunaidh roinnt mhaith ainmneacha pearsanta agus logainmneacha an-solúbtha ar fad, agus tá roinnt mhaith tras-scríbhinní míchearta ina measc chomh maith. Beidh ort roinnt mhaith saoróg a úsáid.

Tá Luacháil Uí Ghríofa d’oileán iomlán na hÉireann ar fáil saor in aisce ar líne ag www.askaboutireland.ie/griffith-valuation/. Is féidir leat cuardach de réir ainm pearsanta nó logainm. Ní cheadaítear aon leaganacha malartacha i gceachtar den dá chás, ní cheadaítear aon saoróga agus ní féidir í a bhrabhsáil ach oiread. Ina theannta sin, téann an cuardach le haghaidh ainm pearsanta trí na hainmneacha uile i ngach uile thaifead, is cuma cibé acu is tiarnaí talún, fo-léasóirí nó tionóntaí iad. Más sa tóir ar ainm coitianta atá tú, d’fhéadfadh sé sin a bheith an-útamálach ar fad.

Le brabhsáil de réir logainm, is féidir leat cliceáil isteach sa taifead ábhartha go díreach ó liosta áiteanna an pharóiste, atá le fáil ag www.johngrenham.com/places/.

Eaglais

Taifid Eaglaise

Taifid Eaglaise

Sular cuireadh tús leis an gclárúchán sibhialta do chách sa bhliain 1864, is iondúil nach bhfaightear aon taifid dhíreacha ar imeachtaí teaghlaigh ach i dtaifid eaglaise áitiúla, agus dá bhrí sin, is iad na haon fhoinsí díreacha atá againn ó thaobh stair theaghlaigh de. Ní féidir dul níos faide siar ná dáta tosaigh na gclár áitiúil i bhformhór na gcásanna dá bharr sin.

Séipéal an tSlánaitheora agus Clog Cuimhneacháin Tait i Luimneach

Grianghraf: Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Deoisí agus paróistí, idir Anglacánach agus Chaitliceach Rómhánach

Nuair a tugadh an Reifirméisean isteach in Éirinn sa 16ú haois, thosaigh struchtúir pharóiste na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí agus Eaglais na hÉireann ag scaradh óna chéile. Bunaíodh Eaglais na hÉireann mar an Eaglais Stáit, choinnigh sí na seanpharóistí meánaoiseacha, agus d’éirigh sí ina heite den rialtas i ndáiríre.

Ar an taobh eile den scéal, ámh, rinneadh an Eaglais Chaitliceach Rómhánach a lagú nuair a gabhadh seilbh ar a cuid sócmhainní agus nuair a cuireadh sriantaí ar shagairt dá cuid. Bhí ar an Eaglais paróistí ní ba mhó, nach raibh chomh háisiúil sin, a chruthú dá bharr sin. Ar deireadh thiar, chuir an lagú seo ar chumas na hEaglaise a bheith ní ba sholúbtha. Bhí paróistí Caitliceacha Rómhánacha in ann freastal ar lárionaid daonra ar bhealach i bhfad ní ba thapa, agus sa 19ú haois tharla sé go raibh siad in ann plé a dhéanamh leis na hathruithe a tháinig ar an daonra.

Tá na difríochtaí idir struchtúir an dá eaglais léirithe ina gcuid taifead anois. Fiú nuair a chuirtear san áireamh go raibh baill Eaglais na hÉireann ina mionlach den daonra iomlán riamh, níl an oiread sin taifead ag gach paróiste i gcomparáid le paróistí Caitliceacha Rómhánacha, de bharr nach gclúdaíonn siad ach ceantar níos lú, agus bíonn sé níos éasca iad a chuardach go mion mar thoradh air sin. Clúdaíonn na taifid atá ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach, áfach, an chuid is mó den daonra agus ceantair gheografacha i bhfad níos mó, rud a fhágann go dtógann sé i bhfad níos mó ama iad a chuardach de láimh de ghnáth.

B’fhéidir go ndearnadh na cláir a bhain le ceantar ar leith a scaradh ina dhá cheantar freisin nuair a cruthaíodh na paróistí Caitliceacha Rómhánacha nua sa 19ú haois.

Tá idir pharóistí na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí agus pharóistí Eaglais na hÉireann eagraithe ina ndeoisí, de réir plean a leagadh amach ar an gcéad dul síos ag Sionad Cheanannais sna Meánaoiseanna. Tá na deoisí beagnach mar an gcéanna go fóill, cé go bhfuil roinnt de na deoisí meánaoiseacha is lú cónasctha ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach.

Sibhialta

Taifid Shibhialta

Taifid Shibhialta

Sa chéad leath den 19ú haois, tháinig méadú ollmhór ar an gcóras riaracháin stáit i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann. Cuireadh cosc ar an bhfostú páistí, tugadh isteach scrúduithe státseirbhíse agus bogadh maoirseacht ar oidhreacht ón eaglais chuig an státseirbhís, i measc athruithe eile.

Theastaigh ó shaoránaigh, dá bharr sin, bealach oifigiúil éigin lena n-aitheantas, a n-aois agus a stádas pósta a chruthú nuair a bhí orthu plé a dhéanamh le comhlachtaí oifigiúla. Mar sin, tugadh isteach clárú breitheanna, básanna agus póstaí sa bhliain 1837 i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, agus sa bhliain 1855 in Albain.

As na trí chineál imeachta siúd a thosaigh an stát a chlárú, tugann na taifid phósta an méid is mó faisnéise dúinne go mór fada.

Grianghraf: Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

 

Tuairisceáin breitheanna sibhialta do chathair Chorcaí, 1900.

Íomhá: irishgenealogy.ie, Taifid Shibhialta

Cathain ar cuireadh tús leis an gcóras in Éirinn agus cén chaoi ar oibríodh sé

Cuireadh tús le clárú póstaí neamh-Chaitliceacha Rómhánacha sa bhliain 1845, ach níor tháinig an córas clárúcháin iomlán i bhfeidhm go dtí 1864. Uaidh sin amach, go teoiriciúil ar aon chuma, bhí oibleagáid dhlíthiúil ar dhaoine gach breith, bás agus pósadh a chlárú le cláraitheoir áitiúil laistigh de thréimhse ghairid i ndiaidh an imeachta agus ghearrfaí pionós orthu siúd nach ndearna amhlaidh.

Eolas a bailíodh

Ó 1864 go dtí 2004, thaifeadtaí na míreanna faisnéise céanna i gcás gach ceann de na trí imeacht sin.

Breitheanna:

  • Ainm, inscne agus áit bhreithe;
  • Ainm, sloinne, slí bheatha agus seoladh an athar;
  • Ainm, sloinne ‘roimh phósadh’ agus seoladh an máthar.

Ní raibh aon oibleagáid dhlíthiúil céadainm a chlárú, ach chláraigh formhór na ndaoine ceann.

Básanna:

  • Ainm iomlán, slí bheatha, dáta, áit bháis an duine agus cad ba chúis leis;
  • Aois an duine ag am a bháis;
  • An duine atá ag clárú an bháis agus a ‘cháilíocht’ (mar shampla, ‘i láthair nuair a tharla an bás’).

Ní raibh d’oibleagáid aon ghaol teaghlaigh a chlárú, ach is iondúil go raibh an duine a bhí ag clárú an bháis gaolta leis an duine, agus gur chláraigh sé/sí an gaol sin (‘bean chéile’ nó ‘iníon’, mar shampla).

Póstaí: Maidir le gach duine aonair a bhí ag pósadh:

  • Ainmneacha iomlána, aoiseanna, stádas pósta, slite beatha, seoltaí tráth an phósta, ainmneacha na n-athar agus a slite beatha; as na trí chineál imeachta, is é an pósadh an ceann is úsáidí ó thaobh ginealais de, ós rud é go dtaifeadtaí ainmneacha na n-athar ar an dá thaobh den chaidreamh.

 

lightbulb hints
Ní mar a chéile aon dhá stair theaghlaigh, rud a fhágann nach féidir leat bheith cinnte cad a aimseoidh tú sula dtéann tú i mbun taighde. Bíodh sin mar atá, is iondúil nach mbeifeá in ann dul níos faide siar ná dáta tosaigh na gclár paróiste cuí. Cuireadh tús leis na taifid i dtreo dheireadh an 18ú haois i mBaile Átha Cliath agus roinnt de na ceantair shaibhre in oirthear na tíre, ach níor cuireadh tús lena leithéid go dtí na 1840í nó na 1850í i roinnt mhaith áiteanna san iarthar.

Aontais Dhlí na mBocht agus Ceantair Chlárúcháin

Bhí na ceantair gheografacha a úsáideadh (agus a úsáidtear go fóill) le clárúcháin shibhialta a bhailiú bunaithe ar na sean-Aontais Dhlí na mBocht. B’ionann gach Aontas agus ceantar a raibh teach na mbocht ina lár, agus é suite i mbaile mór margaidh de ghnáth. Ó 1838 ar aghaidh, bhí na tithe seo freagrach as an méid ab ísle tacaíochta ab fhéidir a chur ar fáil do na daoine ba bhoichte ina nAontas.

Nuair a cuireadh tús leis an gcóras clárúcháin sa bhliain 1963, úsáideadh creatlach Aontais Dhlí na mBocht a bhí ann cheana le hÉirinn a bhriseadh suas ina Ceantair Chlárúcháin, a bhí díreach mar an gcéanna leis na hAontais. Bhí Cláraitheoir Maoirseora i gceannas ar gach ceantar clárúcháin, agus bhí gach ceantar dá leithéid briste suas arís ina gceantair áitiúla, a bhí rite ag cláraitheoir a bhí freagrach don Mhaoirseoir.

Bhailíodh na cláraitheoirí clárúcháin bhreithe, phósta agus bháis in imleabhair réamhchlóite, agus chuiridís gach aon imeacht leo in ord croineolaíoch tráth ar cláraíodh iad. Nuair a bhíodh an t-imleabhar lán, thugaidís don Mhaoirseoir é. Dhéanadh sé cóip de ansin, sheoladh sé an chóip sin chuig an gceannoifig, .i. an Phríomh-Oifig Chlárúcháin i mBaile Átha Cliath, agus choinníodh cóip áitiúil dó féin.

Fáilte ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Tá lúcháir orm fáilte a chur romhat chuig irishgenealogy.ie, an suíomh gréasáin atá tiomnaithe chun cabhrú leat taifid stair do theaghlaigh a chuardach do na glúine a chuaigh romhat. Ar an suíomh anois tá taifid stairiúla Breitheanna, Póstaí agus Básanna na Príomh-Oifige Clárúcháin ar fáil. Tá na taifid sin á gcur leis na hInnéacsanna a ghabhann le taifid stairiúla Breitheanna, Póstaí agus Básanna, a bhí ar fáil cheana ar an suíomh.